Tá sé i gceist foirgneamh nua scoile, ar láithreán úrnua, a sholáthar don scoil dá dtagraíonn an Teachta agus tá an tionscadal san áireamh i gClár Tógála Chúig Bliana mo Roinne. Tá m'oifigigh tar éis bheith ag obair go dlúth le hoifigigh as Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaca le suíomh oiriúnach a shainaithint agus a fháil do chóiríocht nua scoile don scoil dá dtagraíonn sé. Táim in ann a dheimhniú go bhfuil suíomh oiriúnach sainaitheanta agus go bhfuil próiseas éadála an tsuímh dulta ar aghaidh go maith. Ina leith sin, is mian liom a chur in iúl don Teachta chomh maith gur fios don scoil dá dtagraíonn sé an chaoi ina bhfuil an scéal. I bhfianaise na n-íogaireachtaí a bhaineann le héadáil talún go ginearálta, nílim in ann aon ráiteas eile a thabhairt maidir le héadáil an tsuímh ag an dtráth seo. Is féidir liom a dheimhniú, áfach, go mbeidh oifigigh as mo Roinnse i dteagmháil arís le húdarás na scoile a luaithe a bheidh an suíomh faighte.