Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (189)

Éamon Ó Cuív

Question:

189. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16134/14]

View answer

Written answers

De réir coras bainistíochta airgeadais (FMS) na Roinne, chaith mo Roinn €107,521.26 ar aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla in 2013. San mbliain céanna chaith mo Roinn €123 ar aistriúcháin ó Bhéarla go teangacha eile agus ó theangacha eile go Béarla.

Ba é €87,480,000 méid iomlán caiteachas riaracháin na Roinne don bhliain 2013.

Top
Share