Cuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil i ngach teanga, ach é a iarraidh, ar mhaithe le cabhrú le daoine ina ndéileálacha leis an Roinn. Áirítear air sin seirbhísí aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus ón nGaeilge go dtí an Béarla ar aon dul le ceanglais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. San iomlán, chuir an Roinn aistriúcháin i mbreis agus 50 teanga ar fáil anuraidh.
Caitear formhór an airgid a chaitheann an Roinn ar sheirbhísí aistriúcháin ar dhoiciméid tacaíochta a bhíonn ag teastáil chun éilimh chustaiméirí a phróiseáil, leithéidí deimhnithe breithe, pósta nó báis, tuairiscí dochtúra agus ráitis maidir le cúinsí custaiméirí.
Níl miondealú den chaiteachas san fhoirm a d’iarr an Teachta é ar fáil faoi láthair. Caitheadh €397,566 san iomlán ar chúrsaí aistriúcháin in 2013. Chosain aistriúcháin go Gaeilge agus ón nGaeilge €35,666, agus aistriúcháin ó theangacha eile go Béarla €361,900.
Ba é €469 milliún toradh sealadach na Roinne in 2013 i dtaca le caiteachas riaracháin.