Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (328)

Éamon Ó Cuív

Question:

328. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16130/14]

View answer

Written answers

Tá aistritheoir amháin fostaithe sa Roinn. Cé gurb í aistritheoir inmheánach na Roinne i dtosach báire a dhéanann an obair aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge, bíonn gá ó am go chéile leas a bhaint as seirbhís aistriúcháin sheachtrach mar gheall ar shrianta ama nó ualach na hoibre. Tá caiteachas mo Roinne ar chostais aistriúcháin sheachtrach don bhliain 2013 leagtha amach sa tábla thíos. Ba é €35.561 milliún caiteachas iomlán na Roinne ar riarachán i rith 2013.

Caiteachas na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar aistriúchán in 2013

Teanga(cha)

€37,285

Aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge

€1,473

Aistriúcháin ó Bhéarla go teangacha eile (Fraincis, Gearmáinis srl.)

Top
Share