Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (475)

Éamon Ó Cuív

Question:

475. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16133/14]

View answer

Written answers

Chaith mo Roinn €8,873 in 2013 ar cháipéisí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. Ni raibh aon chaiteachas ar cháipéisí a aistriú ó Bhéarla go teangacha eile agus ó theangacha eile go Béarla. An t-iomlán i ndeireadh na bliana don chaiteachas riaracháin don Roinn Cosanta i 2013 ab ea €21,529,335.

Top
Share