Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (502)

Éamon Ó Cuív

Question:

502. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe 4 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha), cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16564/14]

View answer

Written answers

Chuaigh an duine ainmnithe isteach sa Scéim REPS 4 i Meitheamh 2008 agus fuair íocaíochtaí don chéad chúig bliana den chonradh. Is beart faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 é REPS 4 agus tagann faoi réir Rialacháin AE. Éilítear seiceálacha riaracháin mionsonraithe ar gach iarratas sula ndéantar aon íocaíocht. Aithníodh sa chás seo go bhféadfadh aisghlámadh a bheith i gceist agus tá foireann na Roinne á scrúdú sin. Chomh luath is a réiteofar an cheist, déanfar socrú chun íocaíocht a eisiúint sa chás seo.

Top
Share