Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (590)

Éamon Ó Cuív

Question:

590. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16138/14]

View answer

Written answers

Sa bhliain 2013, tháinig caiteachas iomlán riaracháin mo Roinne go dtí €28.121 milliún.

Sa tréimhse 1 Eanáir go 30 Meithimh, 2013, caitheadh €7,243 ar aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge. Ní raibh aon chostas maidir le haistriúchán ó Ghaeilge go Béarla sa tréimhse sin. Níl sonraí ar fáil go fóill don tréimhse 1 Iúil go 31 Nollaig 2013 ach nuair atá, seolfaidh mé iad go dtí an Teachta.

Sa bhliain 2013, caitheadh €454 in iomlán ar aistriúcháin idir Bhéarla agus teangacha eile (ó Ghearmáinis go Béarla agus ó Bhéarla go Sínis).

Top
Share