Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (94)

Éamon Ó Cuív

Question:

94. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16136/14]

View answer

Written answers

Ba é €10,202.25 an méid iomlán a caitheadh in 2013 ar dhoiciméid a aistriú do mo Roinn.

Níor tabhaíodh aon chostas eile ach amháin d'aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge.

Ba é €23.114 milliún (neamhiniúchta) an costas riaracháin don Vóta Airgeadais in 2013. 

Top
Share