Skip to main content
Normal View

Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 April 2014

Tuesday, 15 April 2014

Questions (513)

Éamon Ó Cuív

Question:

513. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi REPS4 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth a bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17276/14]

View answer

Written answers

Chuaigh an duine ainmnithe isteach sa Scéim REPS 4 in Aibreán 2008 agus fuair íocaíochtaí don chéad chúig bliana den chonradh.

Is beart faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 é REPS 4 agus tagann faoi réir Rialacháin AE. Faoi na Rialacháin sin éilítear seiceálacha riaracháin mhionsonraithe a thabhairt i gcrích ar gach iarratas sula ndéantar aon íocaíocht. Tá na seiceálacha sin tugtha chun críche maidir le híocaíochtaí 2013 agus údaraíodh 75% d’íocaíocht Bhliain 6 an 14 Aibreán 2014. Íocfar an 25% atá fanta go gairid ina dhiaidh sin.

Top
Share