Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 April 2014

Thursday, 17 April 2014

Questions (26)

Éamon Ó Cuív

Question:

26. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil treoir tugtha aige do na comhairleoirí atá i mbun an staidéir ar sheirbhísí aeir d'oileáin Árann comhairle a ghlacadh le háisíneachtaí stáit ar nós Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Chomhairle Contae na Gaillimhe, na Roinne Oideachais, Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe srl faoin tionchar a bheadh ar a gcumas seirbhisí cuimsitheacha a chur ar fáil ar na hoileáin sin dá gcuirfí deireadh leis an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin; agus na himpleachtaí costais a bheadh ann dóibh, ag cur chostas foirne san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17779/14]

View answer

Written answers

Tá na comhairleoirí atá ceaptha chun athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhís aeir Oileáin Árann i mbun a gcuid oibre faoi láthair. Is staidéar iomlán neamhspleách a bheidh á chur i gcrích acu. Tá téarmaí tagartha an athbhreithnithe ar fáil sa cháipéis a foilsíodh agus tairiscintí á lorg don athbhreithniú. Déantar cur síos sna téarmaí tagartha ar na nithe a chlúdófar sa tuarascáil.

Tuigtear do mo Roinn go ndeachaigh na comhairleoirí i dteagmháil le páirtithe leasmhara éagsúla agus iad i mbun an athbhreithnithe agus gur tugadh deis dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl ar an ábhar. Táim muiníneach go mbeidh ar chumas na gcomhairleoirí tuarascáil chuimsitheach a chur ar fáil do mo Roinn a thógfaidh na tuairimí éagsúla a fuarthas agus gach gné den tseirbhís san áireamh mar chuid den athbhreithniú.

Top
Share