I mí Iúil 2011, d'fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga tuairisc maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina ndearnadh tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta sin. Tógadh moltaí na tuairisce sin san áireamh san athbhreithniú a rinneadh ar an Acht. Tá tuairisc mo Roinne ar an athbhreithniú sin, mar aon leis na haighneachtaí éagsúla a bhfuarthas cead iad a fhoilsiú, le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne www.ahg.gov.ie, in éineacht le Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, a d’fhaomh an Rialtas ar 1 Aibreán 2014.