Skip to main content
Normal View

Foilseacháin Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 April 2014

Wednesday, 30 April 2014

Questions (418)

Michael P. Kitt

Question:

418. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na hirisí Gaeilge agus na nuachtáin Ghaeilge atá á bhfoilsiú faoi láthair, cén pleananna atá aige d’fhorbairt na n-irisí agus na nuachtán Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19720/14]

View answer

Written answers

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil maoiniú á chur ar fáil aige i láthair na huaire do na foilseacháin Ghaeilge seo a leanas a fhoilsítear i bhfoirm chlóite nó ar líne: An Sagart, An Timire, An tUltach, Beo.ie, Comhar, Feasta, Gaelport, NÓSmag agus SAOL. Cé go dtiocfaidh deireadh leis an maoiniú seo i mbliana, tuigtear dom go bhfuil pleananna ag Foras na Gaeilge chun an iriseoireacht Ghaeilge a chothú tuilleadh agus pobal léitheoireachta na Gaeilge a spreagadh i rith an ama. Sa chomhthéacs seo, tá cinneadh tógtha ag Foras na Gaeilge maoiniú a thabhairt do nuachtán seachtainiúil ar líne a bheidh á fhoilsiú ag Tuairisc.ie faoi chonradh ceithre bliana ó Mheán Fómhair 2014. Ina theannta sin, tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim le haghaidh iris stíl mhaireachtála ar líne a fhógairt ag deireadh mhí na Bealtaine agus scéim le haghaidh foilseachán liteartha/cúrsaí reatha a fhógairt san fhómhar.

Top
Share