Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 May 2014

Thursday, 1 May 2014

Questions (113)

Éamon Ó Cuív

Question:

113. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cad iad na socruithe atá á gcur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí Leader á gcur ar fáil trí Ghaeilge do phobal Ghaeltacht Chonamara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19763/14]

View answer

Written answers

Ceanglófar ar aon eintiteas atá roghnaithe chun seachadadh a dhéanamh ar ghnéithe LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe don tréimhse 2014-2020 cloí le ceanglais reachtúla náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nGaeilge agus le ceantair Ghaeltachta. Caithfidh na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a chuireann Straitéisí Forbartha Áitiúla isteach lena meas a lua sna straitéisí sin conas atá sé ar intinn acu na ceanglais sin a chomhlíonadh.

Top
Share