Foilsíodh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar aon le Scéim Ghinearálta agus Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 ar an 4 Aibreán 2014. Ba í aidhm an athbhreithnithe, a sonraíodh i gClár an Rialtais 2011-2016, chun a chinntiú go mbaintear an leas is fearr as caiteachas ar an nGaeilge chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgais go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh.
Sonraítear i gCeannteideal 4 den Scéim Ghinearálta an leasú atá beartaithe a dhéanamh ar alt 10 den Phríomh-Acht i dtaca le cúrsaí aistriúcháin de. Is é atá i gceist ná fáil réidh leis an bhforáil reatha in alt 10(a) lena gceanglaítear “aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí” a chur ar fáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Leis an leasú atá beartaithe, ceanglófar ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus aon Aire nó Airí eile, de réir mar is cuí, na doiciméid ina bhfuil tograí beartais phoiblí agus atá le cur ar fáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla a fhorordú.
Leis an tsolúbthacht seo, rachfar i ngleic le ceann de na príomhábhair imní atá tagtha chun cinn maidir leis na costais fhorfheidhmithe a ghabhann leis an Acht, i.e. an costas a bhaineann le doiciméid nach bhfuil éileamh an phobail orthu a aistriú. Fanfaidh an riachtanas doiciméid shonraithe faoi leith ar díol spéise poiblí iad a chur ar fáil go dátheangach (i.e. tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta agus ráitis straitéise).
Creidimse go léiríonn an leasú atá molta cur chuige straitéiseach praiticiúil a rachaidh chun tairbhe don Ghaeilge sa todhchaí.