Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 May 2014

Tuesday, 13 May 2014

Questions (531)

Éamon Ó Cuív

Question:

531. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe 4 (REPS 4) le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo), cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21357/14]

View answer

Written answers

Chuaigh an té atá ainmnithe isteach i Scéim REPS 4 i Meitheamh 2008 agus fuair íocaíochtaí maidir leis an gcéad chúig bhliana dá chonradh.

Is beart faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 é REPS 4 agus tagann faoi réir Rialacháin AE. Faoi na Rialacháin sin éilítear seiceálacha riaracháin mionsonraithe a thabhairt i gcrích ar gach iarratas sula ndéantar aon íocaíocht.

Tugadh neamhréireacht faoi deara le linn an phróisis sin agus dá bharr bhí tuilleadh soiléireachta de dhíth.

Tá an scéal réitithe anois agus déanfar an íocaíocht faoi Scéim REPS 2013 a phróiseáil le súil is íocaíocht a dhéanamh a luaithe agus is féidir.

Top
Share