Skip to main content
Normal View

Cóid Phoist

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 May 2014

Tuesday, 27 May 2014

Questions (493)

Éamon Ó Cuív

Question:

493. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cén socrú atá déanta aige maidir le postchóid i mBaile Átha Cliath, áit a n-úsáideann daoine ‘D’ le haghaidh ‘Dublin’ agus ‘BÁC’ le haghaidh ‘Baile Átha Cliath’ faoi láthair roimh uimhir an cheantair; an leanfar den dá nós seo leis na postchóid nua, mar shampla ‘BÁC04 123’ agus ‘D04 123’ ar Bhaile Átha Cliath 4; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22449/14]

View answer

Written answers

Nuair a úsáidfear Eircodes ní bheidh aon athrú i gceist maidir le seoltaí reatha. Tá seoltaí i nGaeilge san áireamh. Ceapadh Eircode le bheith neodrach ó thaobh teanga de. Ar chúiseanna oibríochta áfach, léireofar códphoist reatha Bhaile Átha Cliath mar an chéad trí charachtar sa chód seacht gcarachtar.

Top
Share