Skip to main content
Normal View

Comhfhreagras Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 May 2014

Tuesday, 27 May 2014

Questions (571)

Éamon Ó Cuív

Question:

571. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an ndearnadh iarratas chuige ar chruinniú thar ceann bhainteoirí feamainne Chonamara; an bhfuil sé sásta casadh le hionadaithe do na bainteoirí feamainne chun cearta bainte feamainne a phlé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23316/14]

View answer

Written answers

Níl aon chuireadh nó iarrtas chun casadh le bainteoirí feamainne faighte agam. Má fhaighim a leithéid d’iarrtas, beidh mé sásta machnamh a dhéanamh air.

Maidir le cearta bainte feamainne, tá ceadúnas de dhíth ag éinne a bhaineann feamann ón trá. I gcásanna áirithe, tá cearta faoi leith maidir le feamainn san áireamh i mbileoga a bhainneann le cearta talún. Faoi láithear, tá mo Roinn ag machnamh ar an mbealach a nascann na cearta seo leis an Acht um Imeall Trá 1933.

Top
Share