Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 June 2014

Wednesday, 11 June 2014

Questions (24, 27, 28)

Éamon Ó Cuív

Question:

24. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an bpróiseas inar roghnaigh Foras na Gaeilge sé cheanneagraíocht le freastal ar réimsí éagsúla d’fheidhmiú polasaí Gaeilge; an bhfuil sé sásta go bhfuil Foras na Gaeilge ag diúltú soláthar dóthanach foirne a cheadú do na ceanneagraíochtaí roghnaithe agus ina ionad sin, go bhfuil an Foras ag brú struchtúr foirne a fhágfaidh nach mbeidh na ceanneagraíochtaí ábalta a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24279/14]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

27. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an aontaíonn sé leis an gcóras nua-mhaoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge a fhágfaidh go mbeidh laghdú foirne i mórán gach réimse de na ceanneagraíochtaí roghnaithe; nach mbeidh soláthar déanta d’íocaíochtaí iomarcaíochta do na ceanneagraíochtaí roghnaithe ná do na heagraíochtaí a bheidh ag cailleadh maoinithe; go mbeidh Foras na Gaeilge ag sárú dea-chleachtais maidir le bainistiú athruithe; go bhfuil luas míchuí leis an bpróiseas; agus go bhfuil an Foras ag séanadh a gceart ar fhostaithe na hearnála Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24278/14]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

28. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén cuíchóiriú a dhéanfar ar eagraíochtaí bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge; cad a dhéanfaidh sé chun cearta fostaíochta agus leanúnachas na seirbhísí a chosaint. [24459/14]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 24, 27 and 28 together.

Ar 10 Iúil 2013, cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua d’eagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge . Mar thoradh ar an gcinneadh sin, d'eagraigh Foras na Gaeilge próiseas tairisceana poiblí chun iarratais a fháil ó ghrúpaí ar mhaith leo feidhmiú mar eagraíochtaí ceannais faoin chur chuige nua. Beidh tosaíochtaí straitéiseacha i réimsí ar leith le seachadadh ar bhonn uile-oileáin ag na heagraíochtaí ceannais seo a leanas atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge:

- Conradh na Gaeilge : ardú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht;

- Cumann na bhFiann : forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga;

- Gael-Linn : oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáidte do dhaltaí scoile;

- Gaelscoileanna : Gaeloideachas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge;

- Glór na nGael : forbairt pobail agus eacnamaíochta; agus

- Oireachtas na Gaeilge : deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasán.

I gcomhréir le cinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, tá fóram comhpháirtíochta uile-oileáin bunaithe ag Foras na Gaeilge chun cur chuige comhoibríoch ag na heagraíochtaí ceannais a chinntiú. Ina theannta sin, tá fóram forbartha teanga uile-oileáin le bunú ag Foras na Gaeilge atá ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla, atá maoinithe ag an bhForas ag leibhéal an phobail.

Faoi na socruithe nua seo, cuirfidh Foras na Gaeilge scéim ar bun fosta chun maoiniú a chur ar fáil do raidió pobail trí Ghaeilge sa dá dhlínse. Ina theannta sin, cuirfear maoiniú ar fáil sa todhchaí, mar is cuí, don Áisaonad ó thuaidh, i gcomhthéacs fheidhm reachtúil Fhoras na Gaeilge i ndáil le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Tiocfaidh na socruithe nua maoinithe i bhfeidhm ón 1 Iúil 2014. Mar thoradh ar an chur chuige nua straitéiseach seo, agus ar an athdháileadh maoinithe ó chostais riaracháin go dtí seirbhísí túslíne, táthar ag súil go mbeifear in ann seirbhísí níos éifeachtaí a sheachadadh do phobal na Gaeilge sa dá dhlínse. Ina theannta sin, táthar ag súil go mbeidh cur chuige nua comhpháirtíochta i gceist, agus deis ag na pobail iad féin ionchur a bheith acu i bhforbairt na teanga sa todhchaí.

Is faoi Fhoras na Gaeilge atá sé na socruithe nua maoinithe a chur i bhfeidhm. Tuigtear dom go bhfuil comhairleoirí ceaptha ag Foras na Gaeilge maidir le bainistíocht athruithe, pleanáil straitéiseach agus pleanáil teanga chun cabhrú leis an bhForas agus leis na heagraíochtaí chun an córas úr a chur i bhfeidhm. Ag tógáil san áireamh gur cuireadh tús leis an athbhreithniú ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe in 2008, ní fheictear dom go bhféadfaí a rá go bhfuil luas mí-chuí leis an bpróiseas.

Maidir le gnóthaí fostaíochta, ní miste a nótáil go bhfuil foireann na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe fostaithe go díreach ag na heagraíochtaí sin. Faoin dlí a bhaineann le cúrsaí fostaíochta, baineann ceisteanna maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla leis na fostóirí ar an gcéad dul síos. Mura bhfuil na hacmhainní ag na heagraíochtaí iad féin chun na híocaíochtaí seo a dhéanamh, agus sa chás go bhfuil na heagraíochtaí sin ag scor, tuigtear dom go bhfuil maoiniú ar fáil ó chistí Stáit ar leith sa dá dhlínse chun cabhrú le heagraíochtaí a ndualgais reachtúla iomarcaíochta a chomhlíonadh. Sna cúinsí sin, tuigfidh na Teachtaí nach bhfuil aon ról reachtúil ag mo Roinnse maidir leis an ábhar seo.

Top
Share