Skip to main content
Normal View

Buiséad Fhoras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 June 2014

Thursday, 26 June 2014

Questions (116)

Éamon Ó Cuív

Question:

116. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén laghdú atá déanta ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le ceithre bliana anuas agus an féidir a dheimhniú nach ndéanfar aon chiorrú eile ar an mbuiséad seo do 2015; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27663/14]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is áisíneacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn a bhuiséad. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ó mo Roinnse agus 25% ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Anuas air seo, cuireann mo Roinn maoiniú breise ar leith ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. Ina theannta sin, faigheann Foras na Gaeilge ioncam ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ioncam ó dhíol leabhar. Léirítear sa tábla seo a leanas an caiteachas iarbhír a rinne Foras na Gaeilge ó na hallúntais chómhaoinithe a chuir mo Roinnse ar fáil don eagraíocht le linn na tréimhse ó 2010 go 2013:

Bliain

2010

€m

2011

€m

2012

€m

2013

€m

Buiséad

13.635

13.494

13.160

12.386

Ní miste a nótáil nach bhfuil an maoiniú ar leith ó mo Roinnse i ndáil le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille san áireamh anseo.

Maidir le 2014, is é €11.519m an soláthar sealadach cómhaoinithe atá ar fáil ag mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge, faoi réir ollbhuiséad na bliana reatha a bheith aontaithe go foirmiúil ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2014 go mbeadh athbhreithnithe cuimsitheacha ar chaiteachas caipitil agus reatha le cur i gcrích ag na Ranna Rialtais go léir sa dlínse seo le linn 2014. Tá na hathbhreithnithe seo mar bhunús do chreat buiséid ilbhliantúil an Rialtais agus déantar iad ar bhonn tréimhsiúil le cinntiú go bhfuil caiteachas na Ranna i gcomhréir leis na tosaíochtaí Rialtais. Tá na hathbhreithnithe sin ar bun faoi láthair agus déanfaidh an Rialtas iad a mheas níos deireanaí i mbliana i gcomhthéacs a chuid pleananna caiteachais do 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin.

Cé go leanfaidh mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil don Fhoras Teanga i gcomhréir leis an ngnáthphróiseas buiséid, ní miste a shoiléiriú go bhfuil sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go gcaithfidh na forais trasteorainn go léir sábháil éifeachtúlachta de 4% ar a laghad a chur i bhfeidhm in 2015.

Top
Share