Mar is eol don Teachta, tá cur chuige nua chun tacú le cumas Gaeilge sa Stát Seirbhís ceadaithe ag an Rialtas in áit an chórais faoina dtugtaí marcanna breise le haghaidh cumas Gaeilge i gcomórtais earcaithe agus ardú céime don Stát Seirbhís.
De réir an chórais nua, tá beartais á dtabhairt isteach chun an líon daoine atá cumasach sa dá theanga a mheadú faoi chur chuige maidir le earcú agus, mar is cuí, arduithe céime atá bunaithe níos mó ar riachtanais an phoist.
Mar chéad chéim, tá na socraithe nua á gcur i bhfeidhm ar bhonn trialach do chomórtas do oifigigh chléireachais atá á reachtáil faoi láthair ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí.