Cuireadh fomhír nua, fomhír C10, le Vóta mo Roinne in 2014 chun tionscadail ar leith a bhaineann le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a mhaoiniú. Is é €500,000 an soláthar atá san fhomhír sin in 2014. Mar a cuireadh in iúl i gCáinaisnéis 2015 an tseachtain seo chuaigh thart, beidh an soláthar seo méadaithe go dtí €551,000 in 2015. Ní miste a nótáil gur figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastacháin a bheith faofa amach anseo. Tá na bearta seo a leanas á maoiniú as allúntas na Straitéise i mbliana:
- Tá maoiniú de €200,000 á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun cabhrú mar is cuí le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht;
- Tá maoiniú de €111,900 á chur ar fáil faoin Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile. Is scéim úr í seo ar cuireadh tús léi i mí an Mhárta 2014 agus é mar chuspóir aici cabhrú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge;
- Tá maoiniú de €40,000 á chur ar fáil don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le cumasú dóibh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht;
- Tá maoiniú de €35,000 á chur ar fáil do Choláiste na Tríonóide chun beirt intéirneach a earcú chun forbairt a dhéanamh ar an tionscadal ABAIR a bhaineann le córas téacs-go-hurlabhra don Ghaeilge;
- Tá maoiniú de thart ar €33,000 á chur ar fáil do dhá thionscadal píolótach chun córais aistriúcháin uathoibríocha staitistic-bhunaithe agus riail-bhunaithe a fhorbairt;
- Tá i gceist maoiniú a chur ar fáil le plean a ullmhú, i gcomhar le ceann de na hinstitiúidí tríú leibhéal in Éirinn agus páirtithe eile ar nós an Chumainn Lúthchleas Gael, chun céim ar líne sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na hÉireann a fhorbairt. Tá sé mar sprioc go mbeidh an cúrsa á sholáthar tríd an ngréasán d’ollscoileanna thar lear ina bhfuil cúrsaí Gaeilge á maoiniú ag mo Roinn faoi láthair;
- Tá i gceist maoiniú a chur ar fáil chun taighde a dhéanamh ar na bearnaí atá ann ó thaobh na Gaeilge sa réimse teicneolaíochta. Mar thoradh ar an taighde seo, tá i gceist Straitéis Teicneolaíochta don Ghaeilge a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge san áireamh i bhforbairtí teicneolaíochta.
Mar fhocal scoir, ní miste a nótáil go bhfuil an caiteachas ar fad a dhéantar ó na fomhíreanna Gaeilge agus Gaeltachta de chuid mo Roinne fite fuaite leis an Straitéis chomh maith leis an allúntas ar leith a bhaineann go sonrach leis an Straitéis féin.