Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste Íocaíochtaí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 December 2014

Tuesday, 2 December 2014

Questions (255)

Éamon Ó Cuív

Question:

255. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do 2014 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth a bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [45789/14]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ón duine ainmnithe an 7 Bealtaine 2014. Tugadh próiseáil an iarratais chun críche le déanaí agus eisíodh íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste an 19 Samhain 2014, díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe.

Top
Share