Tuigeann an Rialtas seo gur cuid thábhachtach d'uige shóisialta na bpobal tuaithe iad na scoileanna beaga. Leanfear leo mar ghné dár ndreach oideachasúil. Caithfidh a leithéid tarlú, áfach, sa chomhthéacs ina bhfuiltear ag iarradh ar gach fostaí sa tseirbhís phoiblí ár seirbhísí poiblí a sholáthar ar leibhéal laghdaithe acmhainní agus ní féidir múinteoirí i scoileanna beaga a bheith saor ón riachtanas seo.
Tá daonra na ndaoine óga sa tír seo ag fás agus, in ainneoin na ndíonchúinsí eacnamaíochta atá againn sa tír, thugamar tosaíocht don oideachas ionas gur mhéadaigh líon na múinteoirí atá againn sa chóras chun an cóimheas reatha daltaí le múinteoirí a chosaint. Fostaíodh míle múinteoir breise i scoileanna ar fud na tír sa scoilbhliain dheireanach, seachas mar a bhí an bhliain roimhe sin. Tarlóidh méadú eile de thart ar 1,300 múinteoir sa scoilbhliain reatha.
Tá cur chuige an Rialtais maidir leis an eacnamaíocht a athshlánú tar éis cabhrú le tír na hÉireann filleadh ar an bpointe inar léir dúinn fás eacnamaíochta. Feabhas leanúnach thar thréimhse leanúnach atá i gceist lenár bhfás eacnamaíochta a chuirfidh ar ár gcumas gluaiseacht chuig staid ina mbeimid ábalta breathnú arís ar achmainní múinteora breise a chur ar fáil do scoileanna agus d'fhéadfadh a leithéid feabhas a chur ar CDM (PTR), ar mhéid ranga agus ar thacaíocht do mhúinteoirí ranga.