Skip to main content
Normal View

Soláthar Chláir Oideachais agus Oiliúna SOLAS

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 December 2014

Tuesday, 2 December 2014

Questions (469)

Éamon Ó Cuív

Question:

469. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist ag Solas leanúint leis an scéim béaloidis atá ar bun i gCois Fharraige (Scéim LTI códchúrsa GYB8B) in Indreabhán, Co. na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46200/14]

View answer

Written answers

Gnó oibríochtúil é seo do Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Táim tar éis a iarraidh ar an mBord sin dul i dteagmháil go díreach leis an Teachta chun an scéal a shoiléiriú dó.

Top
Share