Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (92)

Michael P. Kitt

Question:

92. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh foráil nua i mBille na dTeangacha Oifigúla (Leasú) 2014 chun go mbeidh 10% ar a laghad de na fostaithe sa státseirbhís in ann cumarsáid shásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46788/14]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Gabhann an cheist seo le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 agus an riachtanas ann go mbeadh 10%, ar a laghad, de na fostaithe sa Státseirbhíse in ann cumarsáid shásúil a dhéanamh leis an bpobal trí mheán na Gaeilge. Tá imní ar a lán daoine nach mbeidh siad in ann a gcuid ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. An ndéanfaidh an tAire Stáit aon rud maidir leis an scéal seo?

Mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, d'fhoilsigh mo Roinn cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreáin seo a chuaigh thart. Déantar foráil i gceann a sé den Bhille beartaithe go gcuirfear fo-alt nua isteach san Acht chun na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo a shonrú i scéimeanna teanga. Eascraíonn an leasú sin as cinneadh Rialtais an 30 Deireadh Fómhair 2013 i ndáil le deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh as oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhís agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit. Is í an aidhm atá leis an chóras nua ná an líon d'oifigeach le Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, ní miste a nótáil go sonrófar i bpleananna fórsa oibre Ranna agus oifigí Rialtais amach anseo na poist-réimsí oibre ina mbeidh gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó ag freastal ar na ceantair sin.

Tuigtear dom go bhfuil sé i gceist triail a bhaint as na socruithe nua earcaíochta sa chomórtas d’Oifigigh Cléireachais atá ar siúl faoi láthair ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé beartaithe go mbunófar fo-phainéal d'oifigigh le Gaeilge, a dhéanfaidh suas céatadán suas le 6% den phainéal foriomlán d'Oifigigh Cléireachais. Ní mór do na hiarrthóirí a cheapfar ón phainéal seo a bheith in ann raon iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní miste a chur in iúl chomh maith go n-éilítear ar chomhlachtaí poiblí, de réir alt 13(d) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus scéimeanna teanga á n-ullmhú acu, a chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais Ghaeilge faoi leith a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.

Is é seo an chéad uair a bhfuair mé na ceisteanna roimh an tráth na gceist. Labhair an tAire Stáit ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is í an aidhm atá ag an gcóras nua ná an líon daoine in ann feidhmiú go dátheangach sa Státseirbhíse a mhéadú. Is maith an aidhm í sin. Mar a dúirt mé, tá daoine ann agus iad ag iarraidh a gcuid ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Luaigh an tAire Stáit painéal d'oifigigh cléireachais agus luaigh sé figiúir de 6%. An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil sé sin indéanta agus go mbeidh daoine in ann a gcuid ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge?

Tá mé cinnte faoi sin. Tá a fhios agam go raibh díospóireacht mhór ann roimh an chinneadh seo a dhéanamh, am nach raibh mise ceaptha mar Aire Stáit. Glacaim nach bhfuil i gceist ach figiúir de 6%, ach is dóigh liom gur tús maith é. Mar a deirtear, is tús maith leath na hoibre. Is féidir linn tógáil ar an bhfigiúir de 6%. Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag eagrú chomórtais earcaíochta éagsúla. Tá sé i gceist fo-phainéal, suas le 6%, d'oifigigh le Gaeilge a chruthú mar thoradh ar na comórtais sin. Maidir leis an mBille teanga, beartaíodh go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí na poist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo a aithint sna scéimeanna teanga. Is dul chun cinn suntasach é sin. Bhí díospóireacht mhór ann roimh an chinneadh seo a dhéanamh. An ceart figiúir de 6% nó 10%? Ach is é an rud is tábhachtaí ná tús maith a bheith againn. Déanfaidh mé gach iarracht maidir le seo. Tá díospóireacht agus comhrá ar siúl faoi láthair idir na Ranna áirithe sa Rialtas.

Tá imní ar a lán daoine faoi seo. Bhí trí mháirseáil i rith na bliana - i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i gConamara. Chailleamar an Coimisinéir Teanga agus dúirt an t-iarChoimisinéir a lán rudaí faoin gceist seo. Bhí brait ag na mairseálacha seo ag rá go raibh daoine "dearg le fearg". Sin an teachtaireacht a bhí acu. Bhí siad ag caint mar gheall ar chothrom na féinne, mar cheap siad nach raibh cothrom na féinne don teanga ná do na daoine a bhí ag iarraidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Maidir leis na Ranna Rialtais agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá a lán daoine buartha mar nach bhfuil siad in ann freagra a fháil agus gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Caithfimid níos mó a dhéanamh faoi sin.

Beidh mé i dteagmháil leis na hoifigigh sinsearacha agus na hAirí idir na Ranna Rialtais éagsúla chun daoine a bhogadh chun tosaigh sa scéim. Tá dualgas orainn an teanga a chur chun tosaigh sna Ranna agus sna seirbhísí poiblí timpeall na tíre. Is tús maith é 6% agus is dócha go mbeidh an tír in áit difriúil amach anseo. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh scéal difriúil agus dearfach ann. Aontaím nach bhfuil sé ceart nach mbeadh duine le Gaeilge acu ag freagairt an ghutháin sa Roinn sin nó i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is é sin an dúshlán atá romhainn anois. Is é an teachtaireacht atá agam do na daltaí sa bhunscoil agus sa mheánscoil, agus a dtuismitheoirí fosta, ná go mbeidh poist ar fáil nuair a bheidh an tír in áit difriúil agus beidh na Ranna Rialtais ag lorg daoine le Gaeilge chun obair sna Ranna, sna comhairlí chontae, i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus araile.

Top
Share