Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Questions (210)

Éamon Ó Cuív

Question:

210. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil sé i gceist aige tairiscintí faoi leith agus comórtas faoi leith a reáchtáil maidir le seirbhísí aistriúcháin ó Ghaeilge agus go Gaeilge de bharr gur teanga oifigiúil de chuid an Stáit í; an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt do Ranna Stáit nach bhfuil Google Translate feiliúnach mar dheis aistriúcháin oifigiúil agus go gcaithfidh na haistritheoirí go léir a chuireann seirbhísí aistriúcháin ar fáil don Stát an Séala ó Fhoras na Gaeilge a bheith acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1422/15]

View answer

Written answers

Ar an Oifig um Sholáthar Rialtais atá an fhreagracht seirbhísí aistriúcháin go gach teanga a bhíonn de dhíth ó na cuideachtaí san earnáil phoiblí a thagann faoina chúram a sholáthar, seirbhísí Gaeilge ina measc.  Mar chuid den ullmhúchán chun na Creat-Chomhaontuithe reatha uile-Rialtais, atá ar tí dul in éag, do sheirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta (ina raibh seirbhísí Gaeilge san áireamh le teangacha eile) a chur amach arís ar tairiscint,  d'fhoilsigh an Oifig um Sholáthar Rialtais  "Iarraidh ar Fhaisnéis" ar www.etenders.ie an 28 Samhain 2014 inar fáiltíodh roimh thuairimí faoi mbealach is fearr le tairiscint a iarraidh ar na seirbhísí seo amach anseo agus go háirithe ar cheart próiseas tairisceana ar leithligh a bheith ann maidir le seirbhísí Gaeilge.  Iarradh tuairimí freisin ar mar a d'fhéadfaí an próiseas tairisceana a dhéanamh ar bhealach a chuideodh le Fiontair Bheaga agus ar Mheán-Mhéide.

Breithneoidh an Oifig um Sholáthar Rialtais na freagraí ar fad a fuarthas ar an Iarraidh ar Fhaisnéis agus bainfear leas astu chun straitéis soláthair a fhorbairt maidir leis na seirbhísí sin.  Táim sásta a dheimhniú ag an tráth seo, áfach, ag glacadh na dtuairimí a fuarthas san áireamh maidir le seirbhísí Gaeilge a sholáthar, go bhfuil sé socraithe ag an Oifig um Sholáthar Rialtais gan Gaeilge a áireamh sa liosta teangacha a thiocfaidh faoin soláthar seirbhísí teanga a bheidh ann go luath.  Chomh maith leis sin, rachfar i gcomhairle leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sula ndéanfar cinneadh ar an mbealach is fearr chun seirbhísí aistriúcháin go Gaeilge a sholáthar. 

Meastar ag an tráth seo go bhforálfar sa tairiscint nach mór teastas Fhoras na Gaeilge a bheith ag gach aistritheoir agus gur aistritheoir sinsearach cáilithe ag a mbeidh taithí a dhéanfaidh gach aistriúchán a phrofléamh agus a cheadú sula gcuirtear ar aghaidh é chuig an gcuideachta a d'éiligh é.  Meastar freisin go mbeidh foráil ann do spotseiceáil leanúnach agus do phróisis rialaithe caighdeáin lena n-áirítear athbhreithniú neamhspleách ar obair aistriúcháin shamplach ó am go ham. 

Top
Share