Éamon Ó Cuív
Question:703. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil airgead curtha ar fáil sa Chlár Bunstruchtúr agus Infheistíochta Caipitil 2016-2021 d’fhorbairt na Cé in Inis Oírr; má tá, cén méid agus cén uair atá sé i gceist tairiscintí a lorg don obair seo ó tharla go bhfuil cead pleanála ann cheana don obair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34941/15]
View answer