Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 December 2015

Tuesday, 8 December 2015

Questions (44)

Michael P. Kitt

Question:

44. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta agus ar ghrádú na bpost bainistíochta sinsearach san eagraíocht; cén uair a bheidh an t-athbhreithniú thart; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43688/15]

View answer

Oral answers (6 contributions)

An bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údaras na Gaeltachta agus ar ghrádú na bpost bainistíochta sinsearach san eagraíocht, cén uair a bheidh an t-athbhreithniú thart agus an ndéanfaidh an tAire Stáit ráiteas ina thaobh?

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar cheist Dála ar 19 Samhain 2015 faoin ábhar seo, nuair a thug mé le fios gurb é príomhchuspóir an athbhreithnithe atá luaite ag an Teachta ná measúnú a dhéanamh ar an struchtúr agus an grádú ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí in Údarás na Gaeltachta, ag féachaint do ról, d’fheidhmeanna, do bhuiséad agus do fhreagrachtaí na heagraíochta i gcomparáid le heagraíochtaí eile sa tseirbhís phoiblí; agus ag tabhairt san áireamh na feidhmeanna breise a tugadh don údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012. Rinneadh an t-athbhreithniú i gcomhpháirtíocht leis an údarás.

Is iad seo a leanas téarmaí tagartha an athbhreithnithe: an struchtúr foirne ardbhainistíochta is fearr a oireann do riachtanais na heagraíochta agus lena mbaintear an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní atá ar fáil; a áirithiú go bhfuil an struchtúr molta ailínithe go hiomlán leis an trí réimse is mó de ghnó na heagraíochta, is iad sin fiontraíocht agus fostaíocht, pleanáil teanga agus forbairt pobail, agus rialachas corparáideach; na scileanna agus an taithí is gá chun tacú leis na cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach; sainchuntas mionsonraithe poist a ullmhú le haghaidh gach ceann de na poist shinsearacha, rud a chothóidh feidhmiú níos éifeachtaí agus a éascóidh caighdeáin feidhmíochta a leagan síos agus measúnuithe a dhéanamh; a áirithiú go ndéanfar próifílí daoine aonair agus foirne comhtháite a fhorbairt ag leibhéal na hardbhainistíochta chun ceannaireacht éifeachtach an struchtúir nua a éascú; a áirithiú go bhforbrófar cultúr agus creat bainistíochta feidhmíochta, go bhforbrófar na scileanna agus an saineolas agus an taithí a bheidh de dhíth sa struchtúr comhtháite, agus go bhforbrófar straitéis thacúil oiliúna don lucht bainistíochta agus don fhoireann.

I gcomhréir leis na rialacháin um sholáthar poiblí, bronnadh an conradh don athbhreithniú ar an chomhlacht Public Affairs Ireland. Is é €15,800 luach an chonartha, gan cáin bhreisluacha san áireamh, agus bhí sé mar choinníoll den chonradh go ndéanfaí an obair leis an údarás agus an Roinn trí Ghaeilge. Tugtar le fios dúinn gur chomhlíonadh an coinníoll sin. Tá an tuarascáil chríochnaitheach curtha ar fáil anois agus tá plé ar bun faoi láthair idir mo Roinnse agus an t-údarás maidir le cur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála. Ní dhéanfar cinneadh faoi fhoilsiú na tuarascála go dtí go mbeidh an próiseas sin thart.

Ní dóigh liom gur thug an tAire Stáit freagra ar an gceist a bhí agam, is é sin, cén uair a bheidh an t-athbhreithniú thart. B'fhéidir gur féidir leis an cheist sin a fhreagairt. Táim ag caint anseo faoi ghrádú na bpost bainistíochta sinsearach. An bhfuil sé ag rá go bhfuil an iomarca priómhoifigeach san údarás? Tá sé deacair comparáid a dhéanamh le poist sa Státseirbhís ach is dócha go bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil laghdú tagtha ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain anuas, ó €25 milliún go dtí €6 milliún. D'fhéadfaí an t-airgead sin a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn, chomh maith le fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá muintir na Gaeltachta ag brath ar an údarás chun na poist a choinneáil agus iarracht mhór a dhéanamh chun poist nua a fháil. Tá an t-údarás ag déanamh go maith maidir leis sin ach tá sé deacair agus is dúshlán mór é don údarás mar ní faoi chathair mhór nó baile mór atáimid ag caint. Táimid ag caint faoi bhailte beaga. Tá an t-údarás in iomaíocht leis an IDA agus tá an IDA ag fáil i bhfad níos mó airgid. Caithfidh an tAire Stáit níos mó a dhéanamh chun broadband a fháil, mar shampla, sa tír agus go háirithe sa Ghaeltacht.

Aontaím le tuairimí an Teachta fá choinne an dea-scéil atá ar siúl sna ceantair Ghaeltachta. Tá an t-údarás freagrach as an dea-scéal. Chonaic mé an dea-scéal sin an tseachtain seo a chuaigh thart i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo. Bhí cúrsa traenála úr ar siúl agus beidh comhpháirtíocht ann idir an bord oideachais agus oiliúna, Muintearas agus Údarás na Gaeltachta, agus tá dea-scéal ar siúl. Aontaím le tuairimí an Teachta fá choinne na sároibre atá déanta ag an údarás agus an obair atá ag dul ar aghaidh.

Chomh maith leis sin, bhí laghdú mór ann sa bhuiséad chaipitil thar na blianta, mar a dúirt an Teachta. Bhí laghdú €26 milliún ann thar na blianta agus chonaiceamar laghdú chuig €6 mhilliún anuraidh. Fuair mise cúpla milliún euro breise anuraidh agus chonaiceamar an figiúr €6 mhilliún arís i mbliana. Táim ag fáil acmhainní breise fá choinne sin. Maidir leis an gceist, tá suas le 80 duine ag obair go dian dícheallach in Údarás na Gaeltachta agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'achan duine atá ag obair go dian. Bíonn siad faoi bhrú ó am go ham ach tá an ceantar níos láidre, ó Thír Chonaill go Ciarraí go Port Láirge go Contae na Mí, Gaillimh, Maigh Eo agus Corcaigh fosta. Tá dea-scéal ar siúl. Tá siadsan faoi bhrú. Níl an tuarascáil críochnaithe.

Níl aon chinneadh déanta fós agus tá an bunphlé idir mo Roinn agus an t-údarás ag dul ar aghaidh agus ní maith liomsa cur isteach ar sin.

Cinnte nach bhfuil freagra fós faighte agam maidir le cathain a bheidh an t-athbhreithniú thart. Agus an t-athbhreithniú ar siúl, mar atá sé anois, an féidir leis an Aire Stáit moladh a dhéanamh maidir le daonlathas san údarás agus go mbeadh toghchán ann? Faoi láthair, tá baill an údaráis roghnaithe ag an Aire agus an Rialtas agus ról ag cuid de na comhairlí contae freisin chun baill a ainmniú. Ní dóigh liom, áfach, go bhfuil an ceangal céanna ann idir an t-údarás agus muintir na Gaeltachta nuair nach mbíonn toghchán ann. Nuair a bhíonn cruinniú poiblí ann le húdarás tofa, is féidir leis na baill ceisteanna a chur ar son mhuintir na Gaeltachta. Tá a lán dúshlán ann do mhuintir na Gaeltachta agus ceisteanna ann maidir le cúrsaí oideachais, sláinte, bóithre agus, ar ndóigh, cúrsaí Gaeilge.

Chuir mé cúpla ceist ar an Aire Stáit faoin aersheirbhís go dtí Oileáin Árann. D'fhéadfadh díospóireacht a bheith ann leis an údarás maidir leis sin chomh maith. B'fhéidir le húdarás tofa go mbeifear in ann níos mó a dhéanamh don Gaeltacht.

Tá ról mór ag Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí sláinte, oideachais agus pleanáil teanga a chur i bhfeidhm do mhuintir na Gaeltachta. Dúirt mé go mbeidh suas le 80 duine fostaithe san údarás. Tá an t-údarás ag obair ar chúrsaí turasóireachta ar nós Slí an Atlantaigh Fhiáin fosta. Tá achan rud ag dul ar aghaidh. Bhí na daoine uilig i gceantair Ghaeltachta ar nós an Ghaillimh agus Gaoth Dóbhair i dTír Chonaill ag lorg post breise i bpáirceanna gnó. Labhair an Teachta Kitt fá dtaobh de leathanbhanda i gceantair Ghaeltachta. Tá plé ar siúl anois idir mo chuid oifigigh agus Údarás na Gaeltachta maidir leis an dea-scéal a bheidh ann. Tá leathanbhanda de dhíth i bpáirceanna gnó agus iad ag lorg comhlachtaí nua ann.

Tá deiseanna ann sa Ghaeltacht. Tá na daoine sna háiteanna iargúlta seo i gCiarraí, i gConamara nó i dTír Chonaill ina gcónaí in áiteanna breátha chun a bpáistí a thógáil. Beidh seans agus deiseanna ann comhlachtaí agus poist bhreise a mhealladh do cheantair Ghaeltachta agus tá an t-údarás ag obair go dian ina leith. Bhí oifigigh agamsa i dteagmháil le comhlachtaí agus b'fhéidir go mbeidh dea-scéal ann maidir leis na díopóireachtaí atá ar siúl idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí breise sin, ina measc comhlachtaí atá lonnaithe lasmuigh den tír. B'fhéidir go mbeidh dea-scéal ann amach anseo maidir leis sin.

Top
Share