Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 December 2015

Tuesday, 15 December 2015

Questions (215)

Éamon Ó Cuív

Question:

215. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Buníocaíochta agus faoi Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) do 2015; cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44847/15]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoin Scéim Buníocaíochta/Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha ón duine a ainmnítear an 30 Márta, 2015. Tá próiseáil an iarratais faoin dá scéim ar bun faoi láthair. Ar chríochnú an phróisis seo, déanfar athbhreithniú breise ar an iarratas ag féachaint le híocaíocht a eisiúint go díreach do chuntas ainmnithe bainc an duine a ainmnítear ag an dáta is luaithe is féidir.

Top
Share