Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (207)

Éamon Ó Cuív

Question:

207. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cad é an líon daoine atá ar gach painéal earcaíochta (mar shampla d’oifigigh chléireachais, oifigigh feidhmiúcháin, etc.) de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí do dhaoine atá áirithe mar dhaoine atá in ann feidhmiú trí Ghaeilge chomh maith le trí Bhéarla; cé mhéad duine as na painéil sin a ceapadh i bpoist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo ó thús 2015 go dáta; cén uair a bheidh fostaíocht sa Státseirbhís i bpoist le riachtanas Gaeilge faighte ag gach duine atá ar na painéil sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5815/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) an ghníomhaireacht earcaíochta láraithe don státseirbhís.

Clúdaíonn an t-eolas a leanas na feachtais agus iarratais folúntas a d'eagraigh PAS, eagraithe de réir an ghráid.

Feachtas Príomhoifigigh

Léirigh 11 iarrthóir den phainéal reatha PO  spéis i bhfolúntas ina bhfuil gá le scileanna Gaeilge. Nuair a gheofar iarratas do dhuine dátheangach feidhmiúil ag an leibhéal seo, déanfar scrúdú ar chumas na n-iarrthóirí sin sa Ghaeilge. Sannfar ansin iad má chomhlíonann siad an caighdeán riachtanach.

Feachtas Príomhoifigigh Cúnta

D'iarradh ar iarrthóirí ar mhaith leo go gcuirfí san áireamh iad d'fholúntas ina raibh gá le scileanna Gaeilge. Nuair a gheofar iarratas do dhuine dátheangach feidhmiúil ag an leibhéal seo, déanfar scrúdú ar chumas na n-iarrthóirí sin sa Ghaeilge. Sannfar ansin iad má chomhlíonann siad an caighdeán riachtanach. Fuarthas iarratas amháin ó iarrthóir le Gaeilge. Nuair a thairgeadh an post, áfach, ní raibh spéis ag aon iarrthóir ann.

Feachtas Oifigigh Riaracháin

D'iarradh ar iarrthóirí ar mhaith leo go gcuirfí san áireamh iad d'fholúntas ina raibh gá le scileanna Gaeilge. Nuair a gheofar iarratas do dhuine dátheangach feidhmiúil ag an leibhéal seo, déanfar scrúdú ar chumas na n-iarrthóirí sin sa Ghaeilge. Sannfar ansin iad má chomhlíonann siad an caighdeán riachtanach.

Feachtas Oifigigh Feidhmiúcháín

Cruthaíodh painéal d'iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den chomórtas oifigigh feidhmiúcháin. Go dtí seo, tá 22 iarrthóir cáilithe agus cuireadh ar phainéal iad. Sannadh 14 díobh in 2016 agus sannfar na hiarrthóirí eile den phainéal go luath.

Feachtas Oifigigh Cléireachais 2014

Cruthaíodh painéal d'iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den chomórtas OC. Go dtí seo, tá 30 (as líon tosaigh 745) cáilithe agus thairgeadh folúntais dóibh ar fad. As an 22 a ghlac le post, sannadh mar a leanas iad:

- Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim 13

- An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 3

- An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha 3

- An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 2

- Coimisiún na Scrúduithe Stáit 1

Sannadh an líon iarrthóirí a leanas go postanna ina bhfuil gá le Gaeilge ó thús 2015 go dtí seo:

Sannadh 36 go Ranna mar a leanas;

- 14 Oifigeach Feidhmiúcháin

- 22 Oifigeach Cléireachais

Ní féidir le hiarrthóirí a bheith sannta go post ina bhfuil gá le dátheangachas feidhmiúil ach amháin nuair a fhaightear iarratas ó Roinn.

Fanfar na painéil in áit go dtí:

- OC tá sé ar intinn go bhfógrófar feachtas nua sa dara ráithe de 2016. Rachaidh an painéal reatha as feidhm nuair atá painéal ón bhfeachtas nua in áit. Táthar ag súil go mbeidh an painéal nua in áit roimh dheireadh an tríú ráithe de 2016.

- OF rachaidh an painéal idir-rannach as feidhm in Aibreán 2017.

- POC rachaidh an painéal idir-rannach as feidhm in Aibreán 2017.

- PO rachaidh an painéal as feidhm ag deireadh 2016/tús 2017.

Top
Share