Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (208, 209)

Éamon Ó Cuív

Question:

208. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5828/16]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

209. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5844/16]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhireacha 208 agus 209 le chéile.

Mar fhreagra ar cheist an Theachta, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil de chumas ag ochtar ball foirne obair na Roinne a dhéanamh trí Ghaeilge, is ionann sin agus thart ar 1% den líon foirne.  B'fhéidir go bhfuil cuma íseal ar an bhfigiúr seo, ach is cinnte gur leor é chun freastal ar riachtanais na heagraíochta.  Mar gheall ar an ról atá aici, ní bhíonn mórán plé ag mo Roinn leis an ngnáthphobal, cur i gcás i gcomhthéacs scéimeanna nó seirbhísí dírithe ar dhaoine aonair a sholáthar.  Mar sin féin, déanann mo Roinn monatóireacht ar an éileamh atá ar a cuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge chun a chinntiú go gcomhlíontar é.  Níl aitheantas tugtha do aon phoist nó réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le hoifigigh atá inniúil sa dá theanga.   

Leanfar le socruithe lena chinntiú sa chás nach bhfuil comhalta foirne le líofacht Ghaeilge ar fáil i Rannáin, nó sa chás nach bhfuil duine den sórt sin ar fáil, go soláthróidh comhalta foirne ainmnithe ó Rannán eile an tseirbhís trí Ghaeilge nuair is gá.

Top
Share