Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (505, 506)

Éamon Ó Cuív

Question:

505. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5825/16]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

506. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5841/16]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 505 agus 506 le chéile.

Tá rún daingean ag mo Roinn a chinntiú gur féidir freastal a mhéad is féidir ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ba é 346 duine an líon iomlán daoine a bhí ag obair sa Roinn ag deireadh mhí Feabhra 2016. Den líon sin, tá deichniúr ball foirne, nó beagnach 3%, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar don Roinn sa Ghaeilge agus cuirtear aon cheisteanna teileafóin ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge.

Leagtar amach sa Scéim Teanga 2015-2018 ón Roinn a mhéid atá seirbhísí na Roinne ar fáil trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Chomh maith leis sin, sainaithnítear inti aon réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu amach anseo ina leith sin – seirbhísí preasa agus cumarsáide agus suíomh Gréasáin na Roinne ina measc.

Ón mbliain 2015 i leith, tá daoine a bhfuil inniúlacht ar leith acu sa Ghaeilge ar áireamh i bpainéil de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé beartaithe ag an Roinn aon bhearnaí a shainaithneofar inár soláthar foirne sa réimse seo a líonadh ó phainéil den sórt sin. Ina theannta sin, tá naonúr ball foirne ag tabhairt faoi chúrsa Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil san am i láthair, rud atá ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Top
Share