Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 November 2016

Tuesday, 29 November 2016

Questions (52)

Éamon Ó Cuív

Question:

52. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aici maidir leis an gconradh nua don tseirbhís aeir go dtí oileáin Árann; cad é an staid go dáta maidir leis na pléití faoin tseirbhís do phaisinéirí báid go hÁrainn. [37354/16]

View answer

Written answers

Maidir leis an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann, mar is eol don Teachta, tá próiseas tairisceana ar siúl le tamall anuas faoi stiúir an Oifig um Sholáthar Rialtais. Tá na tairiscintí a fuarthas don tseirbhís á meas faoi láthair. Ach an próiseas sin a bheith curtha i gcrích, déanfar fógra maidir le toradh an chomórtais. Maidir leis an tseirbhís farantóireachta paisinéirí d’Árainn, is eol don Teachta go bhfuil fógra eisithe ag an gcomhlacht farantóireachta atá ag cur na seirbhíse ar fáil go bhfuiltear le tarraingt siar ón tseirbhís le héifeacht ón 1 Nollaig 2016. Tá mé féin agus mo chuid feidhmeannach gníomhach, feadh ár gcumais, chun cabhrú le réiteach a fháil ar na ceisteanna a mhaíonn an comhlacht a chuir faoi ndeara dóibh an fógra úd a dhéanamh. Mar is eol don Teachta, bhí cruinnuithe agam le deireanaí le comhairleoirí agus ionadaithe poiblí áitiúla, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hionadaithe ó phobal an oileáin, inar pléadh an t-ábhar seo agus na féidearthachtaí chun dul chun cinn a dhéanamh. Leanfaidh mo Roinnse ag scrúdú na roghanna atá oscailte di agus oibreoidh sí leis na scairshealbhoirí uile d’fhonn cabhrú le réiteach a fháil a chinnteoidh go mbeidh seirbhís ar fáil don oileán tar éis 1 Nollaig 2016, ag aithint, ar ndóigh, go bhfuil ról suntasach ag Comhairle Contae na Gaillimhe sna cúrsaí seo uile.

Top
Share