Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 January 2017

Tuesday, 17 January 2017

Questions (142, 143, 144)

Jim O'Callaghan

Question:

142. D'fhiafraigh Deputy Jim O'Callaghan den an Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an n-aontaíonn sí leis, ón uair nach labhraítear focal Gaeilge ón stáitse agus ón uair nach dtagraítear don Ghaeilge, fiú i mBéarla, ag ócáidí bronnta saoránachta na hÉireann, gurb é atá á chur in iúl ag an stát ná nach bhfuil an Ghaeilge mar chuid den oidhreacht agus den chultúr beo atá ar fáil do suas le 100,000 duine a fuair saoránacht na hÉireann le cúig bliana anuas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41641/16]

View answer

Jim O'Callaghan

Question:

143. D'fhiafraigh Deputy Jim O'Callaghan den an Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an gcinnteoidh sí go dtabharfaidh an stát aitheantas don Ghaeilge ag ócáidí bronnta saoránachta na hÉireann feasta; an ndéanfaidh sí cinnte de seo trí thrácht a dhéanamh ar an nGaeilge, i mBéarla, i gcomhthéacs na féiniúlachta a bhaineann le saoránacht na hÉireann agus ansin trí óráid a mhaireann nóiméad nó dhó ar a laghad a thabhairt i nGaeilge; agus lena chois sin, nuair a léitear amach don slua an fógra dílseachta don náisiún agus don stát, an gcinnteoidh sí go ndéanfar sin i nGaeilge ar dtús agus ansin i mBéarla, agus go mbeidh an fhoclaíocht i nGaeilge agus i mBéarla ar fáil do chách roimh an ócáid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41642/16]

View answer

Jim O'Callaghan

Question:

144. D'fhiafraigh Deputy Jim O'Callaghan den an Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an gcinnteoidh sí go dtabharfar aitheantas do thraidisiúin iontacha an cheoil in Éirinn sa chur i láthair ceoil a dhéantar ag ócáidí bronnta saoránachta na hÉireann; an ndéanfaidh sí cinnte de seo trí leas a bhaint as ar a laghad amhrán deoraíochta amháin ó thraidisiún na tíre, mar shampla, Bánchnoic Éireann Ó, mar nasc idir stair na himirce as Éirinn agus taithí na n-inimirceach ar saoránaigh nua in Éirinn an lae inniu iad; an bhféachfaidh sí chuige go ndéanfar píosa ceoil ar leith a choimisiúnú in Éirinn le seinm ag an ócáid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41643/16]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 142 to 144, inclusive, together.

Tá deonú shaoránacht na hÉireann trí eadóirseacht faoi rialú fhorálacha Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956, arna leasú. Mar cheann de na coinníollacha, ní mór don iarratasóir dearbhú sa tslí fhorordaithe go mbeidh sé/sí dílis don náisiún agus tairiseach don Stát agus geallteanas a thabhairt dlíthe an Stáit a chomhlíonadh go dílis agus a luachanna daonlathacha a urramú.

Faoi na socruithe a bhí ann roimh 2011, rinne cléireach cúirte dúiche áitiúil socrú do dhuine ar deonaíodh saoránacht dó/di mionn a thabhairt os comhair Bhreitheamh Cúirte Dúiche agus fuair an saoránach nua a Dheimhniú Eadóirseachta sa phost ina dhiaidh sin. Tugadh searmanais saoránachta foirmiúla isteach in 2011 chun deis a thabhairt d'iarrthóirí ar shaoránacht a ndearbhú a dhéanamh os comhair breithimh agus a ndeimhniú eadóirseachta a fháil ar shlí bhríoch, le dínit, a thiocfadh le tábhacht agus sollúntacht na hócáide. Bíonn banna ceoil an Gharda Síochána i láthair chun Amhrán na bhFiann a sheinm agus bíonn an tArm i láthair chun an Bhratach Náisiúnta a chur ar paráid, rudaí a chuireann le sollúntacht na hócáide.

Aithnítear go forleathan go n-éiríonn go han-mhaith leis na searmanais sin agus go léirítear, tríothu, an tábhacht a bhaineann le deonú na saoránachta mar ócáid mhór don Stát agus don deonaí.

Forordaítear formáid an dearbhaithe faoi Rialacháin Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 2011. Níl sé beartaithe agam faoi láthair leasú a dhéanamh ar na Rialacháin. Cé go dtuigim go hiomlán ábhar imní an Teachta, ag féachaint do raon éagsúil náisiúntachtaí agus teangacha dúchais na ndaoine a bhíonn ag freastal ar na searmanais, agus don ghealltanas an-dáiríre a thugann siad tríd an dearbhú sollúnta a dhéanamh, tá sé tábhachtach go seoltar na himeachtaí i dteanga ar féidir glacadh leis go réasúnach go dtuigfidh iarratasóirí í. Tá an dearbhú déanta ag searmanais ag os cionn 100,000 duine go dtí seo. Ní bhfuarthas ach cúpla iarratas an dearbhú a dhéanamh i nGaeilge le linn an ama sin. Ar na hócáidí annamha a tharlaíonn sin, cuireann oifigigh glaoch teileafóin ar an iarratasóir lena chinntiú go bhfuil tuiscint sách maith acu ar an teanga agus sa chás go mbíonn, is féidir socruithe a dhéanamh chun an dearbhú a dhéanamh i nGaeilge. Tuigim nach raibh ach cás amháin den sórt sin ann le blianta beaga anuas. Go ginearálta, is dúshlán sách mór é suas le 1,000 duine a stiúradh leis an dearbhú sollúnta a dhéanamh le chéile, mar aon ghuth amháin, in aon teanga amháin, ar bhealach intuigthe, le sosanna a thugann deis dóibh a n-ainm agus a seoladh féin a rá. Tá snas curtha ar an modheolaíocht seo in imeacht na mblianta agus ní mheastar go mbeadh sé indéanta an dara teanga a thabhairt isteach le gach dearbhú sna cúinsí sin.

Bíonn suas le 45 nóiméad de dhíth sula dtosaíonn an searmanas féin chun an líon mór iarratasóirí a bhíonn i gceist a chlárú agus a gcuid aíonna a chur ag suí síos. Seinneann Banna Ceoil an Gharda Síochána ceol le linn na tréimhse ullmhúcháin agus feithimh sin. Ní cuid den searmanas féin é an dreas ceoil seo; is ar mhaithe le siamsaíocht amháin is ann dó. An Banna féin a roghnaíonn an ceol. Maidir le ceol le linn an tsearmanais, táim sásta go bhfuil Amhrán na bhFiann oiriúnach mar léiriú ar ócáid shollúnta an tsearmanais féin agus níl sé beartaithe agam imeacht ón nós seo.

Is doiciméad dátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla) é an deimhniú eadóirseachta a bhronntar ar na hiarratasóirí a n-éiríonn leo. Bíonn bileog le focail Amhrán na bhFiann i nGaeilge, chomh maith le biorán beag a bhfuil Bratach na hÉireann air, sna pacáistí a bhronntar ar na hiarratasóirí nuair a chláraítear iad lá an tsearmanais. Bíonn bileog eile sa phacáiste a thugann eolas do na saoránaigh nua faoina gcearta clárú agus vótáil i ngach toghchán sa Stát, agus faoin tslí inar féidir leo clárú.

Gabhaim buíochas leis an Teachta as a mholtaí áisiúla agus tá iarrtha agam ar mo chuid oifigeach machnamh a dhéanamh ar conas a d'fhéadfaí tuilleadh Gaeilge a chur sna searmanais saoránachta mhaorga a bhfuil an-tóir orthu.

Top
Share