Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Leathanbhanda

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Questions (379)

Éamon Ó Cuív

Question:

379. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a chuirfear córas ceart leathanbhanda ar fáil do scoil (sonraí tugtha); cén fáth nach raibh sé ar fáil go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20531/17]

View answer

Written answers

Is é polasaí foriomlán mo Roinne an caighdeán nascachta is fearr a thairiscint do gach scoil ag teacht leis na réitigh theicniúla atá ar fáil sa mhargadh chomh maith le srianta airgeadais. Faigheann na hiar-bhunscoileanna ar fad nascacht 1000mb ar a laghad. Aithnítear an gá atá le nascacht leathanbhanda a fheabhsú do bhunscoileanna sa Straitéis Dhigiteach nua do scoileanna agus comhoibreoidh an Roinn leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil chun leathanbhanda feabhsaithe ar chur ar fáil do gach bunscoil.

Faoin gClár Rochtana Leathanbhanda do Scoileanna atá ann faoi láthair déanann mo Roinne foráil do nascacht idirlín a sholáthar i gcomhair bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta. Cuireadh creat ina raibh 14 sholáthraí páirteach ar fáil in 2012 a d’áirithigh go bhfuil réitigh níos fearr ar fáil do scoileanna.

Faoin gclár reatha, déanann mo Roinn athbhreithniú, ar bhonn leanúnach, ar infhaighteacht seirbhísí agus déanann sí uasghrádú ar scoileanna nuair a bhíonn deis ann sin a dhéanamh. I gcás na scoile a bhfuil an Teachta ag tagairt di, tá mo Roinne ag leanúint de bheith i dteagmháil le roinnt soláthraithe ag súil le seirbhís leathanbhanda níos fearr a sholáthar. Mar sin féin, mar is eol don Teachta, d'fhéadfadh éagsúlachtaí a bheith ag baint le hacmhainn leathanbhanda ag brath ar shuíomh tíreolaíochta agus tá sé sin ag cur isteach ar an tseirbhís is féidir a sholáthar don scoil seo.

Top
Share