Skip to main content
Normal View

Meath na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Questions (40)

Peadar Tóibín

Question:

40. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad a dhéanfaidh an Rialtas chun stop a chur le meath na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20620/17]

View answer

Oral answers (8 contributions)

Is í an Ghaeilge ceann de na rudaí cultúrtha is tábhachtaí inár bhféiniúlacht. Is modh cumarsáide laethúil í an Ghaeilge le haghaidh ma mílte daoine sa Ghaeltacht. Is infreastruchtúr smaointe í freisin. Tá na mílte daoine ag déanamh a seacht n-iarracht timpeall na Gaeltachta chun an Ghaeilge a choimeád beo. Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Níl aon Ghaeilge chomh sonrach ann taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé léirithe sna figúirí a tháinig amach as an daonáireamh an tseachtain seo caite go bhfuil teip uafásach tagtha ar pholasaí an Rialtais mar gheall ar an nGaeilge. Iarraim ar an Aire Stáit a rá linn cad atá i gceist ag an Rialtas chun na figiúirí sin a iompú timpeall?

Le foilsiú thorthaí daonáireamh 2016 mar a bhaineann siad leis an nGaeilge, léirítear go leanann na dúshláin atá roimh an nGaeilge mar theanga. I bhfianaise na dtorthaí seo, is gá ár gcuid iarrachtaí a threisiú tuilleadh mar fhorais Stáit, mar eagraíochtaí Gaeilge agus mar phobal i gcoitinne chun na dúshláin sin a cheansú. Is ea is mó seans go mbeidh toradh bisiúil ar ár gcuid iarrachtaí ar fad má ghlacann gach páirtí leasmhar go fonnmhar leis an deis chun a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge mar chuid d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a bhfuil an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don Oideachas Gaeltachta mar chuid lárnach de.

Tá an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach d’fheidhmiú na straitéise 20 bliain agus is ar ullmhúchán pleananna atá an próiseas pleanála teanga dírithe ó cuireadh tús leis trí bliana ó shin. Agus tús á chur le feidhmiú pleananna teanga i suas le 13 limistéar Gaeltachta faoi leith i mbliana, tógfar céim mhór chun tosaigh le feidhmiú an phróisis agus, dá réir, le feidhmiú na straitéise. Fágfaidh sé seo go mbeidh pobal na Gaeltachta ag glacadh páirte níos mó ná riamh chun na dúshláin atá roimh an nGaeilge ar bhonn áitiúil a cheansú. Ós rud é go mbeidh feidhmiú pleananna teanga ar bun feasta, bheifí ag súil leis go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar fad ar staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeltachta, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain agus le cás na Gaeilge dá réir. Leis an allúntas méadaithe seo, tá mé cinnte go mbeifear in ann tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht. Is céim suntasach é go bhfuil an polasaí don oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm ar an talamh anois. Is é seo an chéad phlean a d'eisigh an Stát ó bunaíodh é a thugann aghaidh go sonrach ar na dúshláin atá roimh an chóras oideachais sa Ghaeltacht. Beidh mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun ár gcion a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh rath leis an bpolasaí seo.

Tá an Rialtas seo i bhfeidhm le haghaidh sé bliana anois. Is mór an trua é. Cé go dtagann an tAire Stáit ón nGaeltacht, tá an titim tubaisteach seo ag tarlú faoina réim. Chonaiceamar sa daonáireamh go bhfuil titim de 11% tagtha ar an méid Gaeilge atá á labhairt sa Ghaeltacht go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Dar leis na saineolaithe, nuair a thiteann an méid daoine a labhraíonn an Ghaeilge i gceantar áirithe faoi 67%, titeann an tóin as an teanga go hiomlán sa cheantar sin agus bíonn sé deacair an treocht a iompú. Is léir ó na figiúirí nach bhfuil an méid sin Ghaeilge á labhairt ach i 21 as 155 ceantar Gaeltachta. De réir tuairisc a d'fhoilsíodh in 2015, tá meath na Gaeilge sa Ghaeltacht ag éirí níos tapúla ag an bhomaite. Is léir go bhfuil an straitéis 20 bliain ina phraiseach iomlán, i ndáiríre. Tá mé ag impí ar an Aire Stáit labhairt leis an Aire sinsearach, an Teachta Humphreys, le cur in iúl di cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Iarraim ar an Aire Stáit Acht na dTeangacha Oifigiúla nua a threisiú agus i bhfad níos mó airgid a chur ar fáil.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil na rudaí seo dúshlánach ó thaobh na teanga agus ó thaobh an daonra. Ag an am céanna, tá a fhios ag an Teachta go raibh eacnamaíocht na tíre i ndrochstaid le blianta beaga anuas. D'imigh 127,000 duine ar imirce thar lear idir 2009 agus 2014. Sílim go raibh Gaeilge líofa ag cuid de na daoine sin agus caithfidh gur tháinig cuid acu as na ceantair Ghaeltachta. Is dóigh liom go bhfuil sé seo mar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí i mbliana. Má bhreathnaíonn an Teachta ar na figiúirí, beidh sé soiléir dó gur tháinig laghdú ar an daonra idir 25 agus 35 bliana d'aois ós rud é go ndeachaigh an oiread sin dóibh thar lear. Tuigeann an tAire sinsearach an tábhacht a bhaineann leis an straitéis 20 bliain. Ní aontaím leis an Teachta Tóibín go bhfuil an straitéis "ina phraiseach". Tá an-dul chun cinn déanta againn. Tá sé sin curtha ar an taifead agam sa Seanad. Rinne coiste Oireachtais na Gaeilge plé ar an ábhar seo cúpla nóimead ó shin. Cuirfidh mé an méid atá á rá agam anseo ar thaifead an choiste sin freisin. Tá a lán rudaí bainte amach. Tá ardú tagtha ar an méid infheistíochta atá ar fáil i mbliana d'Údarás na Gaeltachta, ó thaobh an mbuiséid reatha agus caipitil, chun poist a chruthú agus cabhair a thabhairt do na comharchumainn atá ag freastal ar an nGaeltacht agus ar na hoileáin. Tá an Rialtas seo ag déanamh chuile rud is féidir chun líon na gcainteoirí Gaeilge a ardú.

Go stairiúil - go dtí gur tháinig Fine Gael i bhfeidhm in 2011 - bhí dul chun cinn tagtha ar na figiúrí a bhain le daoine le Gaeilge sa tír seo. Ba é seo an chéad daonáireamh ó bunaíodh an Stát inar tháinig titim ar an méid daoine le Gaeilge sa tír seo. Nílimid ag caint ar airgead amháin. Tá an ceart ag an Aire Stáit nuair a deireann sé gur tháinig titim uafásach ar an méid airgid a bhí le fáil ag an Rialtas. Bhain an Rialtas i bhfad níos mó airgid amach as an earnáil seo ná aon earnáil eile sa tír. Is easpa toil pholaitiúil atá i gceist. Tá sé náireach a rá go bhfuil neamhaird iomlán déanta ag eagraíochtaí atá faoi chúram na Roinne Ealaíon Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ar nós Amharclann na Mainistreach, Ardmhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Chomhairle Oidhreachta agus an Ceoláras Náisiúnta, ar iarratais scéimeanna teanga a ullmhú i rith na bliana atá imithe thart. Tá níos mó ná deich mbliana imithe ón uair a tháinig an córas sin isteach. Tá na heagraíochtaí faoi chúram na Roinne ag déanamh neamhaird iomlán ar an dualgas seo. Níor sheas aon ombudsman sa tír seo siar riamh ach amháin san earnáil seo, nuair a sheas an t-iarChoimisinéir Teanga siar. Tá sé dochreidte nach bhfuil an tAire sinsearach ag éisteacht leis an díospóireacht seo. Ní thuigeann sí an méid atá le rá againn, ach fós níl sí ag úsáid na cluasáin.

Tá 17 scéim aontaithe don chéad uair le 16 mí anuas-----

-----rud a chiallaíonn go bhfuil 17 comhlacht nach raibh aon scéim acu riamh cheana ceangailte anois le réimse leathan de ghealltanais ó thaobh na Gaeilge de. Tá dul chun cinn déanta. Tá an ceart ag an Teachta nach bhfuil cuid de na scéimeanna foilsithe go fóill. Tá siad ag teacht isteach. Is é an príomhrud ó thaobh na bpleananna teanga de ná nach bhfuil siad ag oibriú. Tá sé sin ráite agam agus ag an Choimisinéir Teanga. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag dul síos treo eile maidir leis an Acht teanga. Tá réamhobair déanta ar chinnteidil an Bhille sin. Beidh an t-ábhar seo á phlé againn ag an gcoiste idir-rannach ar 15 Bealtaine seo chugainn. Ina dhiaidh sin, pléfear an reachtaíocht os comhair an Rialtais agus comhchoiste na Gaeilge. Tá dul chun cinn á dhéanamh, ach táimid ag breathnú ar treoir eile ó thaobh na bpleananna teanga. Tá sé i gceist againn caighdeán a thabhairt isteach ionas go mbeidh sé de dhualgas ar chuile eagraíocht sa Stát glacadh leis an gcaighdeán sin. Bhí cruinniú agam leis an Aire i Rialtas na Breataine Bige le déanaí agus bhí cruinniú eile agam le feidhmeannaigh i mo Roinn. Táimid ag dul síos treoir eile ó thaobh rialacháin do sheirbhísí trí mhéan na Gaeilge.

Top
Share