Skip to main content
Normal View

Acht na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Questions (44)

Catherine Connolly

Question:

44. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad é stádas na bpleananna teanga; agus go háirithe, cé mhéad plean atá críochnaithe agus curtha os comhair an Aire; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20429/17]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Cad é stádas na bpleananna teanga agus, go háirithe, cé mhéad pleananna atá críochnaithe agus curtha os comhair an Aire agus fréamhaithe aige?

Faoin bpróiseas pleanála teanga mar a leagtar amach é in Acht na Gaeltachta 2012, tá an Ghaeltacht roinnte i 26 Limistéar Pleanála Teanga ar leith. Faoin bpróiseas seo, tá i gceist go n-ullmhófar agus go bhfeidhmeofar plean teanga ar bhonn áitiúil i leith gach ceann de na limistéir seo i gcomhréir le forálacha ábhartha an Achta. Go dtí seo, foilsíodh fógra faoi alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta i leith 23 den 26 limistéar ar fad, rud a chiallaíonn go bhfuil céimeanna idir lámha i ngach aon cheann de na limistéir sin chun pleananna teanga a ullmhú. Tá sé i gceist go gcuirfear faoi mo bhráid iad le ceadú chun críche an Achta sula dtosaítear le feidhmiú na bpleananna sin.  Ach an oiread le gach plean teanga a cheadófar faoin bpróiseas, beidh ordú i gcomhréir le halt 7(2) den Acht á dhéanamh agam faoina n-aithneofar gach limistéar faoi leith mar limistéar pleanála teanga Gaeltachta, rud a chuirfidh tús go foirmiúil le forfheidhmiú pleananna teanga i leith na limistéar sin.

I gcomhréir leis an tráthchlár oibre atá aontaithe ag mo Roinn le hÚdarás na Gaeltachta, tá i gceist go gcuirfear tús le hullmhú pleananna teanga idir seo agus deireadh na bliana sa trí limistéar Gaeltachta eile a bhfuil an próiseas fós le tosú iontu, eadhon Bearna agus Cnoc na Cathrach: Oirthear Chathair na Gaillimhe agus an tEachréidh.

Le cumasú don obair fhónta seo ar fad, cheadaigh mé allúntas ar fiú €850,000 le gairid, €735,000 dá chuid a bheidh ag dul chuig Údarás na Gaeltachta, leis an bhfuílleach de €115,000 le dul chuig Foras na Gaeilge le haghaidh Líonraí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Mar is eol don Teachta, bhí trí chruinniú poiblí i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite chun brú ar aghaidh leis an trí limistéar atá fágtha. Chuala mé go raibh thart ar 100 duine ag an gcruinniú do Bhearna agus Cnoc na Cathrach ag Óstán Clybaun ann. Bhí thart ar seasca ag na cruinnithe eile in Óstán Bhaile Chláir na Gaillimhe agus in Óstán Menlo Park.

Glacaim go bhfuil céimeanna idir lámha ag an Roinn agus ag an Aire. Fáiltím roimh an nuacht go bhfuil 23 as an 26 pleananna teanga tosaithe. D'fhreastal mé ar an gcruinniú sin maidir le Cnoc na Cathrach agus Bearna agus bhí slua iontach ann. Tá próiseas ann do phlean teanga agus fógraíonn an tAire Stáit nuair atá an próiseas réidh. D'fhógraíodh sin in 2014 maidir le Cois Fharraige. Tá sé anois 2017. An bhfuil an plean sin réitithe agus fréamhaithe ag an Aire Stáit? I mí an Mheithimh 2014, bhí plean fógraithe ag an iar-Aire Stáite don Cheathrú Rua agus do cheantar na n-oileán, i measc áiteanna eile. Cad mar gheall ar na pleananna sin? Cé mhéad pleananna atá réitithe agus ag feidhmiú faoi láthair as an 26?

Níl aon cheann faighte agamsa fós. Tá ceann nó dhó faighte ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tá siad ag déanamh athbhreithnithe ar na pleananna sin. Ansin, tá dhá phlean ann do Chois Fharraige agus do Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Táimid ag súil go mbeidh ceann os comhair an údaráis i mí an Mheithimh do Chloch Chionnaola, Gort an Choirce, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh. I mí Lúnasa, táimid ag súil go mbeidh trí cinn foilsithe agus réidh le dul os comhair an údaráis. Is iad sin Ciarraí thiar, Ciarraí theas agus na Déise. I mí Mheán Fómhair, táimid ag súil go mbeidh pleananna do Árann Mór, Dún na nGall theas, an Cheathrú Rua agus Múscraí réidh le ceadú. I mí Dheireadh Fómhair, táimid ag súil le pleananna do Chonamara láir, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an soiléirithe, ach cén fáth go bhfuil moill i gceist le na pleananna teanga? Táimid ag caint faoi Acht 2012. Tá sé anois 2017. Glacaim go n-aontaíonn an tAire Stáit gurb é croílár na straitéise na pleananna teanga a chur chun cinn. Cén fáth go bhfuil moill ann agus cén fáth nach bhfuil plean ann do Bhearna, Cnoc na Cathrach agus áiteanna eile i nGaillimh fós? An féidir leis an Aire Stáit míniú a thabhairt dom maidir leis an moill sin? Mar is eol don Aire Stáit, ceapann daoine nach bhfuil sa Straitéis 20 Bliain ach toirt gan tairbhe de bharr easpa dul chun cinn, easpa acmhainní agus easpa foirne. Ar lámh amháin, glacaim go bhfuil dul chun cinn déanta, ach mo cheist go díreach ná cén fáth an bhfuil agus an raibh moill i gceist le na pleananna teanga tábhachtacha seo?

Tá ceist tapaidh agam mar gheall ar an maoiniú a bheadh á chur ar fáil chun na pleananna teanga seo a chur i bhfeidhm. Beidh an-chuid obair á dhéanamh ag na coistí pobail éagsúla go léir. Beidh siad ag tabhairt le chéile spiorad deonach agus spiorad pobail láidir. Mura mbeidh an maoiniú ar fáil chun na pleananna seo a chur i gcrích, buille trom a bheadh ann do na pobail sin. Tá sé tábhachtach go mbeidh an t-airgead ann. Mar sin, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil maoiniú á chur ar leataobh chun na pleananna teanga seo a chur i bhfeidhm, go háirithe níos déanaí sa chóras? Nuair a cuireadh an t-airgead ar fáil i dtosach chun na pleananna a chur le chéile, bhí thart ar €40,000 i gcóir na céad pleananna. Do na pleananna is déanaí, ní raibh ach thart ar €10,000. Bhí laghdú mór ann. Ní theastaíonn uaim a leithéid a fheiceáil do na pleananna teanga atá fós le teacht nuair a bheidh an maoiniú á chur ar fáil chun iad a chur i bhfeidhm. Mar sin, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil maoiniú ar fáil chun na pleananna a chur i bhfeidhm?

Mar a dúirt mé, bhí €735,000 ceadaithe do Údarás na Gaeltachta i mbliana. Tá €552,942 ceadaithe agam ina leith le caitheamh in 2017. Mar shampla, tá €42,000 ann do Mhúscraí, suas go dtí €50,000 do phlean Dhún na nGall theas agus €73,000 do phlean Chois Fharraige chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm.

Beidh airgead ar fáil sna blianta amach romhainn freisin. Maidir le ceist an Teachta Connolly faoin mhoill a bhí ann, bhí moill leis na trí phlean i gcathair na Gaillimhe mar nach raibh eagraíocht áitiúil ar fáil. Ní raibh eagraíocht amháin i gCnoc na Cathrach, Bearna nó an tEachréidh nó do iarthar chathair na Gaillimhe. Bhí próiseas ar bun chun eagraíocht a bhunú agus is é sin an fáth go raibh na cruinnithe poiblí i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Bhí próiseas ar bun i ngach cheantar eile. D'iarr an chuid is mó de na heagraíochtaí ormsa breis ama a thabhairt. Níl na figiúirí agam, agus sílim gur cheadaigh mé breis ama do chuille eagraíocht. Aon dream a bhí ag iarraidh breis ama, cheadaigh mé dó é. Sílim gur cheadaigh mé é do chuile eagraíocht. Bhí siad ag iarraidh breis ama chun an obair agus an réamh-obair a dhéanamh. Is é sin an fáth go raibh moill ann.

Top
Share