Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Questions (68, 79)

Catherine Connolly

Question:

68. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an ndeimhneoidh sí go bhfuil athbhreithniú práinneach ag teastáil maidir leis an Straitéis Fiche Bliain i ndáil le torthaí an daonáirimh agus go háirithe an laghdú suntasach atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge; an bhfuil an t-athbhreithniú seo tosaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20431/17]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

79. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na beartais bhreise atá i gceist aici a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn de thoradh ar na drochthorthaí a bhí ann ó thaobh cúrsaí Gaeilge de sna torthaí daonáirimh a foilsíodh le gairid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19527/17]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 68 agus 79 le chéile.

Is léir ó thorthaí Daonáirimh 2016 go leanann na dúshláin atá roimh an nGaeilge mar theanga i gcónaí. Is gá, i bhfianaise na dtorthaí seo, ár gcuid iarrachtaí a threisiú tuilleadh - mar fhorais stáit, mar eagraíochtaí Gaeilge agus mar phobal i gcoitinne chun na dúshláin sin a cheansú. Is ea is mó seans go mbeidh toradh bisiúil ar ár gcuid iarrachtaí ar fad má ghlacann gach páirtí leasmhar go fonnmhar leis an deis chun a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge mar chuid de fheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge, a bhfuil an próiseas pleanála teanga agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta mar chuid lárnach de.

Ainneoin go léiríonn torthaí an daonáirimh gur tháinig laghdú beag ar na figiúirí i gcomparáid le torthaí 2011, is ábhar misnigh é gur léiríodh sna torthaí go raibh ar chumas breis is 1.76 milliún duine a bhí 3 bliana d'aois agus os a chionn an Ghaeilge a labhairt in 2016.

Maidir leis an gceist faoi athbhreithniú práinneach ar an Straitéis, ba mhaith liom a mheabhrú gur eagraíodh Díospóireacht Oscailte ar Pholasaí faoin Straitéis, mar chuid de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse, i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn. Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte sin tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022, ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn agus á fhoilsiú faoi lár na bliana seo. Le foilsiú an phlean seo, beifear ag súil go dtabharfaí aghaidh ar na rudaí is tábhachtaí mar a aithneofar iad sa phlean cúig bliana agus go nglacfaidh gach páirtí go fonnmhar leis an deis a gcionn a dhéanamh ar son na Straitéise.

Ba mhaith liom a rá freisin go bhfuil allúntas breise de €250,000 curtha ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga. Sa chomhthéacs sin, dhéanfainn tagairt shonrach don chiste ar fiú €850,000 in iomlán é a d’fhógair mé le gairid chun cur ar chumas Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge araon an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn sa bhliain reatha.

Maidir le beartais nua, ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga trí bliana ó shin - atá mar chuid lárnach d’fheidhmiú na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, is ar ullmhúchán pleananna a bhí an próiseas dírithe go dtí seo. Agus tús á chur le feidhmiú pleananna teanga i suas le 13 limistéar Gaeltachta faoi leith i mbliana, tógfar céim mhór chun tosaigh le feidhmiú an phróisis agus dá réir, le feidhmiú na Straitéise. Fágfaidh sé seo go mbeidh pobal na Gaeltachta ag glacadh páirte níos mó ná riamh chun na dúshláin atá roimh an nGaeilge ar bhonn áitiúil a cheansú. Ós rud é go mbeidh feidhmiú pleananna teanga ar bun feasta, bheifí ag súil leis go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar fad ar staid reatha na Gaeilge.

Is fiú a lua chomh maith, ar ndóigh, go bhfuil ardú ar an gcistíocht atá ar fáil i mbliana do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith, ar ndóigh, le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain agus le cás reatha na Gaeilge dá réir. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá mé cinnte go mbeifear in ann tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis phleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht, na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge.

Is sainchomhartha suntasach é, chomh maith, go bhfuil an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm ar an talamh anois. Is é seo an chéad phlean a d'eisigh an stát ó bunaíodh é, a thugann aghaidh go sonrach ar na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht. Tá mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun ár gcion a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh rath ar an bpolasaí seo.

Ar deireadh, ba mhaith liom tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain a threisiú uair amháin eile. Sin ráite, ag deireadh an lae áfach, tá ról tábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i dtaca le spriocanna na Straitéise a bhaint amach. Creidim gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfimid torthaí dearfacha amach le súil go mbeadh feabhas suntasach ar thorthaí daonáirimh 2021 mar a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

Top
Share