Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 May 2017

Wednesday, 3 May 2017

Questions (294)

Catherine Connolly

Question:

294. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cén fáth nach bhfuil leagan Gaeilge den Phlean Náisiúnta um Maolú ar fáil; an ndeimhneoidh sé go mbeidh cóip den leagan Gaeilge le fáil láithreach bonn; an mbeidh síneadh ama i gceist ó thaobh na tréimhse comhairliúcháin de; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20886/17]

View answer

Written answers

Tá dualgas reachtúil orm faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015 chéad Plean Náisiúnta Maolúcháin na hÉireann a chur faoi bhráid an Rialtas nach deireanaí ná an 10 Meitheamh 2017. Próiseás coimpléascach le móran céimeanna agus idirghníomhaíochtaí le Roinne agus Gníomhaireachtaí eile ar sceideal dúshlánach a bhí i bhforbairt an Plean le cinntiú go cloífear leis an sprioc reachtúil seo. Tá dualgas orm freisin, faoi reachtaíocht 2015, tabhairt faoi comhairliúchán poiblí ar an dréacht Phlean. Le cinntiú go gcloítear leis an sprioc i Mí Meitheamh, bhí gá an dréacht den Phlean a fhoilsiú nach deireanaí ná lár mí Márta ar feadh tréimhse sé seachtaine. Dhún an comhairliúcháin poiblí ar 24 Aibreán.

Cé nach féidir an tréimhse comhairliúcháin a leathnú mar thoradh ar na dualgais reachtúla thuasluaite, tá sé tábhachtach nótáil go bhfuil sé ar intinn agam gur doiciméad beo a bheidh sa Phlean Náisiúnta Maolúcháin, a cuirfear ar fáil ar suíomh idirlíona mo Roinn, agus go ndéanfar uasdátú leanúnach ar mar a thagann níos mó roghanna earnála maolúcháin chun cinn agus níos mó roghanna earnála atá níos éifeachtaí ó thaobh costas de chun cinn mar thoradh ar anailís, caidreamh agus nuálaíocht teicneolaíochta. Chomh maith le tuairiscí rialta ar dhul chun cinn, beidh próiséas foirmeálta ullmhú Pleananna Náisiúnta Maolúcháin leantacha ar a laghad uair amháin gach cúig bliana.

Chomh maith leis sin, glacaim go bhfuil gá gníomhú maidir le dúshlán na haeráide leis an sochaí go ginearálta, athrú iompair a spreagadh agus struchtúir a chruthú ag leibhéal aítiúl, réigiúnach agus náisiúnta chun tacú le ginneadh smaointe agus na smaointe seo a aistríú isteach i gníomhaithe oiríunacha atá éifeachtach ó thaobh costas de. Le cuidiú le dul chun cinn sa réimse seo d’fhógair mé le deireanaí sonraí maidir le Comhrá Náisiúnta faoi Ghníomhú ar son na hAeráide .

Deimhním don Teachta go bhfuil mo Roinn lán eolach maidir leis na dualgais atá ar an Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go cuireadh chuile iarracht i gcríoch chun cinntiú gur féidir leagan Gaeilge den Phlean a chur ar fáil chomh luath agus is féidir. Tá mo Roinn ag déanamh profáil deiridh ar théacs Gaeilge an dréacht Phlean agus foilseoidh mé an leagan seo ar suíomh idirlíona mo Roinn chomh luath agus is féidir. Tá sé beartaithe agam freisin leagan Gaeilge den leagan chríochnaithe den Phlean Náisiúnta Maolúcháin a chur ar fail i ndiaidh go gceadaíonn an Rialtas an Plean deiridh.

Top
Share