Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 5 July 2017

Wednesday, 5 July 2017

Questions (152)

Éamon Ó Cuív

Question:

152. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh comhráite ag oifigigh óna Roinn le gairid le feidhmeannaigh as Aer Árann maidir le seirbhísí nach bhfuil clúdaithe sa PSO; cén toradh a bhí ar na comhráite seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31609/17]

View answer

Written answers

Bíonn oifigigh mo Roinne i dteagmháil go rialta le feidhmeannaigh de chuid an chuideachta atá luaite ag an Teachta chun saincheisteanna a bhaineann leis an tseirbhís, an ceann atá ardaithe ag an Teachta ina measc, a phlé. Beidh mo Roinn i dteagmháil leis an gcuideachta faoin ábhar seo arís gan mhoill.

Top
Share