Skip to main content
Normal View

An Clár Rialtais

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 September 2017

Wednesday, 27 September 2017

Questions (34)

Éamon Ó Cuív

Question:

34. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad na tosaíochtaí atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht do 2018; an mbeidh breis airgid ar fáil don réimse seo oibre i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Rialtas seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40464/17]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom fáilte go dtí an Teach a chur roimh an Aire Stáit. Ar ndóigh, tá ceisteanna móra tromchúiseacha le réiteach anois againn agus muid ag teannadh ar an gcáinaisnéis. Tháinig laghdú beagnach €4 milliún ar an mhéid airgid a bhí ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin idir 2016 agus 2017 in ainneoin geallúintí a tugadh d'Fhianna Fáil agus geallúintí a tugadh i gclár an Rialtais go mbeadh meadú ar an infheistíocht. Tá iarratas déanta ar €5 mhilliún breise don earnáil sin don bhliain seo chugainn. An mbeidh an tAire Stáit in ann é sin a chur ar fáil?

I gcomhréir leis na spriocanna sonracha atá leagtha síos i gClár an Rialtais Comhpháirtíochta agus i ráiteas straitéise na Roinne, is iad na príomhthosaíochtaí atá agam dom Ghaeilge agus an Ghaeltacht do 2018 ná forfheidhmhiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur chun cinn; an próiseas pleanála teanga a bhrú ar aghaidh; tacú le fostaíocht a chruthú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta; tacú leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann trí Fhoras na Gaeilge, tacú leis an bpróiseas chun deireadh a chuir leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach; agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 a achtú.

Ar ndóigh, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir agus beidh sé mar chéad thosaíocht agamsa an straitéis sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara. Ní gá a rá go bhfuil an próiseas pleanála teanga agus feidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht mar chuid lárnach d’fheidhmiú na straitéise.

Maidir le feidhmiú na straitéise, ní miste dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil i gceist ag mo Roinn plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022 a fhoilsiú faoi dheireadh an fhómhair. Le foilsiú an phlean seo, beifear ag súil go dtabharfaí aghaidh ar na rudaí is tábhachtaí mar a aithneofar iad sa phlean cúig bliana agus go nglacfaidh gach páirtí go fonnmhar leis an deis a gcionn a dhéanamh ar son na straitéise.

Maidir le cúrsaí buiséid, ní miste dom a mheabhrú don Teachta gur tríd an phróiseas Meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Státchiste don bhliain 2018 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Anois tiocfaimid ag an mbuncheist arís. Tá pleananna ag an Aire Stáit. Tá geallúint tugtha - ní cheist cháinaisnéise í seo - ag an Rialtas d'Fhianna Fáil agus chomh maith leis sin tá geallúint i gclár an Rialtais. Is é an rud atá ráite ná méadú a dhéanamh ar an infheistíocht sa teanga Ghaeilge. Tá sé dubh agus bán. Cuireadh laghdú beagnach €4 mhilliún ar sin anuraidh. Nílim ag iarraidh an tsuim airgid, tar éis €5 mhilliún a bheith iarrtha ag pobal na Gaeilge don bhliain seo chugainn agus €18 milliún ar fad. Is í an cheist atá orm ná an gcloífear leis an ngeallúint a thug an Rialtas go mbeadh breis infheistíochta á déanamh sa Ghaeilge nó nach gcloífear? Ní cheist cáinaisnéise í sin, is ceist geallúint Rialtais í.

Maidir leis an ngeallúint ar dtús, rinneadh comhoibriú ar an bplean idir Fhianna Fáil agus Fhine Gael. Ag an am sin, nuair a bhí an cómhrá ag dul ar aghaidh, rinneadh gealltanais maidir le méadú a dhéanamh ar an infheistíocht ag dul isteach in Údarás na Gaeltachta, mar shampla. Mar atá a fhios ag an Teachta, thar na blianta bhí go leor airgid ar fáil faoi choinne Údaras na Gaeltachta ó thaobh caipitil, suas le €26 milliún ag an am nuair a bhí an Teachta Ó Cuív freagrach as an Roinn. Ach tá an saol difriúil anois. Níl an t-airgead sin ar fáil. Nuair atáim ag caint le mo chomhghleacaithe ar an dá taobh den Teach tá siad i gcónaí ag rá go bhfuil infheistíocht de dhíth faoi choinne na coláistí samhraidh nó caipiteal d'Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil airgead breise faoi choinne pleanála teanga, cúntóirí teanga agus araile de dhíth freisin. Tá sé mar a chéile in achan Roinn, ach níl an buiséad déanta faoi láthair. Bhí comhrá agam leis an Aire, an Teachta Donohoe, agus beidh comhrá agam leis roimh an bhuiséad. Ní bheidh aon rud déanta maidir leis sin.

Feicim na féidearthachtaí, áfach, maidir leis an airgead breise fá choinne fostaíocht a chruthú agus an teanga a chur chun cinn.

Tiocfaimid ar ais ar an ngeallúint. Geallúint go mbeidh breis infheistíochta déanta sa Ghaeilge a bhí ann ach laghdú a bhí ann anuraidh. An bhfuil i gceist ag an Rialtas seasamh lena gheallúint? Nílim ag iarraidh an figiúir inniu. Tá muid chun é a fháil ag am na cáinaisnéise. Tá geallúint tugtha, áfach. An bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil contúirt nó seans maith ann go loicfear ar an ngeallúint, go dtarraingeofar siar air agus nach gcomhlíonfar an geallúint sin? An bhfuil sé sin curtha in iúl d'Fhianna Fáil?

Aontaím nach mbeidh an Teachta ag fáil an figiúir inniu. Cuirim fáilte roimh an chóras sin. Ceapadh mise i mo Aire Stáit in 2014 agus sin an chéad am a bhí airgead breise ar fáil fá choinne an bhuiséad caipitil d'Údarás na Gaeltachta. Tá mé ag súil leis an lá a bheidh airgead breise ann achan bhliain. Níl mise chun figiúir a rá inniu ach tá mé ag bogadh ar aghaidh le hacmhainní breise a fháil fá choinne poist a chruthú sna ceantair iargúlta Gaeltachta i gContae Chiarraí, Contae Chorcaí, Contae na Gaillimhe - ceantar an Teachta féin - Contae Dhún na nGall agus ceantair éagsúla eile Gaeltachta. Ar leibhéal amháin, feicim na deacrachtaí ach feicim na deiseanna agus na féidearthachtaí fosta. Gabhaim mo bhuíochas agus m'aitheantas leis na daoine a bhíonn ag obair ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rud dearfach é sin, ach, cinnte, tá acmhainní de dhíth amach anseo.

Top
Share