Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 September 2017

Wednesday, 27 September 2017

Questions (57, 76)

Catherine Connolly

Question:

57. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus leis an dréachtbhille atá beartaithe, cén dáta a fhoilseofar an bille nua; cé na céimeanna atá riachtanach chun an bille a chur os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40680/17]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

76. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth a bhfuil moill mhór ar fhorbairt Bhille na dTeangacha Oifigiúla. [40524/17]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 57 agus 76 le chéile.

Foilsíodh Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 níos túisce i mbliana.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag obair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú. Ag an am céanna agus, ó foilsíodh na Ceannteidil, táthar i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, eagrais Gaeilge agus Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fear agus is éifeachtaí agam le tabhairt os comhair an Oireachtais. Tá na ceannteidil curtha faoi bhráid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus An Comhchoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta chun scrúdú réamhreachtach a dhéanamh air chomh maith.

Táthar ag súil go mbeidh an Bille réidh le foilsiú sa chéad ráithe de 2018.

Top
Share