Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Questions (1133)

Éamon Ó Cuív

Question:

1133. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin scéim buníocaíochtaí agus faoi scéim na limistéar faoi shrianta nádúrtha le duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe; cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54446/17]

View answer

Written answers

Chuir an té atá ainmnithe iarratais isteach faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2017 (BPS) agus faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) an 16 Márta 2017.

Léiríodh i litir dar dáta an 6 Nollaig 2017 a seoladh chuig an té atá ainmnithe gur lasadh píosaí talún a bhí fógartha aige ar a iarratas BPS agus dá bhrí sin nach raibh sé i dteideal íocaíochta faoin BPS. Léiríodh sa litir chomh maith na roghanna a bhí aige ina dhiaidh sin lena n-áirítear go raibh sé de cheart aige athbhreithniú a lorg. Má lorgaíonn an té atá ainmnithe athbhreithniú, ba chóir dó a chinntiú go gcuireann sé aon cháipéisí tacaíochta a mheasann sé a bheith tábhachtach isteach. Déanfaidh mo Roinnse na cáipéisí sin a athbhreithniú dá réir sin.

Tá Iarratais 2017 i leith na nÍocaíochtaí atá i gceist próiseáilte ag mo Roinnse, faoi na scéimeanna BPS agus ANC, gan na píosaí talún atá neamhcháilithe san áireamh, agus rinneadh na híocaíochtaí sin a íoc isteach sa chuntas bainc a bhí ainmnithe ag an duine ainmnithe dá réir sin an 14 agus an 19 Nollaig faoi seach.

Top
Share