Chuir an té atá ainmnithe iarratais isteach faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2017 (BPS) agus faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) an 10 Bealtaine 2017.
Léiríodh i litir dar dáta an 5 Nollaig 2017 a seoladh chuig an té atá ainmnithe gur lasadh píosaí talún a bhí fógartha aige ar a iarratas BPS agus dá bhrí sin nach raibh sé i dteideal íocaíochta faoin BPS. Léiríodh sa litir chomh maith na roghanna a bhí aige ina dhiaidh sin lena n-áirítear go raibh sé de cheart aige athbhreithniú a lorg. Má lorgaíonn an té atá ainmnithe athbhreithniú, ba chóir dó a chinntiú go gcuireann sé aon cháipéisí tacaíochta a mheasann sé a bheith tábhachtach isteach. Déanfaidh mo Roinnse na cáipéisí sin a athbhreithniú dá réir sin.
Tá Iarratais 2017 i leith na nÍocaíochtaí atá i gceist próiseáilte ag mo Roinnse, faoi na scéimeanna BPS agus ANC, gan na píosaí talún atá neamhcháilithe san áireamh, agus rinneadh na híocaíochtaí sin a íoc isteach sa chuntas bainc a bhí ainmnithe ag an duine ainmnithe dá réir sin an 14 agus an 19 Nollaig faoi seach.