Tá dhá bhall déag ar bhord COGG. Reáchtálann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí comórtas chun cathaoirleach an Bhoird a roghnú. Ba in 2015 a ceapadh an bord deiridh agus is i mí na Nollag 2018 a rachaidh a dtéarma oifige in éag. Ceapfar bord nua an t-am sin.
Fuair PAS trí iarratas ar chathaoirleacht COGG faoin dáta deiridh a rabhthas ag glacadh le hiarratais. Ní choinníonn mo Roinnse taifead ar ainmneacha ná sonraí iarrthóirí nár éirigh leo.
Is roinnt comhlachtaí páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ceardchumainn agus eagraíochtaí Gaeilge, a ainmníonn an t-aon ghnáthbhall déag eile.
Níl aon fholúntas ar bhord COGG faoi láthair.