Skip to main content
Normal View

Clár Éire Ildánach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 January 2018

Tuesday, 30 January 2018

Questions (660)

Peadar Tóibín

Question:

660. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta conas atá an Ghaeilge á cur chun cinn ag Creative Ireland; an bhfuil maoiniú faoi leith ar fáil i dtaobh imeachtaí lán-Ghaeilge nó dhátheangacha a chur ar bun; an bhfuil dreasachtaí ar fáil dóibh chun úsáid na Gaeilge a chur chun tosaigh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4380/18]

View answer

Written answers

Fógraíodh ar 13 Nollaig 2017 go raibh Bliain Na Gaeilge 2018 faofa ag an Rialtas. Ag tógáil ar rath An Teanga Bheo a bhí mar shraith faoi Éire 2016: Clár Comórtha agus i bhfianaise go mbeidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 Bliain d’Athbheochan na Gaeilge i 2018, feictear gur togra tráthúil í Bhliain na Gaeilge 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Chun tacú le gníomhaíochtaí na Bliana, cheadaigh Foras na Gaeilge pacáiste airgeadais de €450,000 roimh dheireadh 2017, agus tá Meitheal Oibre comhdhéanta d'ionadaíocht ó mo Roinn, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus Conradh na Gaeilge bunaithe ar mhaithe leis an togra a stiúradh. Tá i gceist go mbeidh cur chuige tras-Rialtais i gceist agus an Bhliain á ceiliúradh.

Tá clár imeachtaí Eanáir go Meitheamh foilsithe cheana féin agus is féidir imeachtaí bhreise a chlárú i gcónaí ar gaeilge2018.ie. Tá Éire Ildánach ag obair leis na údaráis áitiúil ag iarraidh iad a spreagadh le bheith páirteach sa cheiliúradh agus le himeachtaí a eagrú a thacaíonn leis an gcoincheap

Tá i gceist go mbeidh na himeachtaí seo ag díríú isteacht ar:

- bheocht na teanga a cheiliúradh;

- úsáid, íomhá dearfach, infheictheacht agus gnáthú na Gaeilge sa phobal a mhéadú;

- an obair leanúnach a spreagadh agus aitheantas a thabhairt do chur chun cinn na Gaeilge; agus

- an Ghaeilge a chosaint mar theanga labhartha na Gaeltachta.

Táim cinnte go ndéanfaidh an fócas speisialta ar an nGaeilge dearcadh dearfach i leith na teanga a spreagadh i measc an phobail i gcoitinne, rud a thacóidh le cuspóirí na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhaint amach.

Ar ndóigh, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, déanfaidh mo Roinn cinnte de go mbeidh an Ghaeilge lárnach chomh maith i gClár Éire Ildánach - i mbliana ach go háirithe. Cheana féin cuireadh páirtnéireacht ar bun le hEalaíon na Gaeilge Teo i 2017 chun a chinntiú go raibh an Clár ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus cuireadh roinnt imeachtaí ar siúil da bharr sin. Chomh maith le sin bhí freastal ag Clár Éire Ildánach ar Oireachtas na Samhna agus chonaic ar a laghad 60,000 duine an físean a chuireadh le chéile ag an Oireachtas leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuirfear leis an obair seo i 2018 mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Top
Share