Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 January 2018

Tuesday, 30 January 2018

Questions (662)

Aindrias Moynihan

Question:

662. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad duine atá ar Bhoird Údarás na Gaeltachta; an mó folúntas atá ann faoi láthair; cad é an plean agus an clár ama atá ag an Aire chun aon fholúntas a líonadh [4489/18]

View answer

Written answers

Faoi réir na bhforálacha ábhartha d'Acht na Gaeltachta 2012, is bord de dháréag atá ag Údarás na Gaeltachta. Is i gcomhréir le forálacha ábhartha an Achta agus na cleachtais agus na rialacháin ábhartha a cheap mé bord nua don Údarás le gairid. Níl aon fholúntais ann faoi láthair, dá réir.

De réir mar ba chuí, ba faoi réir an Achta agus na rialachán agus na gcleachtas úd a líonfaí aon fholúntas a d'fhéadfadh a bheith ann idir seo agus deireadh shaolré cúig bliana an bhoird.

Top
Share