Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Leathanbhanda

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 February 2018

Tuesday, 13 February 2018

Questions (205)

Thomas Byrne

Question:

205. D'fhiafraigh Deputy Thomas Byrne den Aire Oideachais agus Scileanna cathain a chuirfear leathanbhanda snáthoptaice ar fáil do scoil (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7065/18]

View answer

Written answers

Tríd an gClár Rochtana Leathanbhanda do Scoileanna, déanann an Roinn foráil do sholáthar nascacht idirlín i gcomhair gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta, agus tá 98% de na scoileanna san áireamh sa scéim sin. Tá gach iar-bhunscoil agus roinnt scoileanna speisialta san áireamh anois sa chlár 100Mbps.

Is é polasaí mo Roinne an caighdeán nascachta is fearr a thairiscint do gach scoil ag teacht leis na réitigh theicniúla atá ar fáil sa mhargadh chomh maith le srianta airgeadais.  Is féidir le cumas leathanbhanda a bheith athraitheach ag brath ar an suíomh geografach agus ar an mbonneagar áitiúil, agus dá réir sin cur isteach ar an tseirbhís is féidir a sholáthar.

Faoin gclár reatha do bhunscoileanna, déanann an Roinn athbhreithniú, ar bhonn leanúnach, ar infhaighteacht seirbhísí agus déanann sí uasghrádú ar scoileanna nuair a bhíonn deis ann sin a dhéanamh, ag teacht le ceanglais chonarthacha agus bhuiséadacha. De réir íostarraingte ó Chreat na Soláthraithe Seirbhísí Leathanbhanda bronnadh luais íoslódála 30Mbps nó níos mó (an luas íoslódála bonnlíne a éilítear faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda). Tá na scoileanna sin uasghrádaithe anois chuig an nascacht sin. Is ionann é sin agus breis is aon trian de na bunscoileanna go léir. Is dul chun cinn suntasach é sin i gcomparáid le blianta beaga anuas, ó tharla nach raibh ach níos lú ná 100 bunscoil a raibh na luais sin acu in 2012. Is é is dóichí go ndéanfar breis scoileanna a uasghrádú chuig na luais sin in 2018, trí ghealltanas um Sholáthar Tuaithe 300k EIR.

Aithnítear an gá atá le nascacht leathanbhanda chuig bunscoileanna a fheabhsú sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020, agus faoi mar a luadh tá rochtain ar leathanbhanda ardluais ar cheann de na táscairí a aithníodh i bPlean Gníomhaíochta na Straitéise Digití. Tá grúpa oibre idir-rannach bunaithe leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar nascacht leathanbhanda chuig bunscoileanna a chinneadh in gcomhar leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus na Straitéise Idirghabhála, chomh maith leis an soláthar tionsclaíochta atá beartaithe.

I gcás na scoile a dtagraíonn an Teachta di, tá an scoil sin ar nasc gan sreang 8 Mbp/s faoi láthair. Cuireadh an scoil san áireamh i mionchomórtas a reáchtáil mo Roinn féin le déanaí agus tá sí bronnta ar sholáthraí leathanbhanda snáithín ardluais.  Tá fógra tugtha don soláthraí agus nuair a ghlacfar le dul i gconradh, is é an chéad chéim eile sa phróiseas go ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse an tsuiteáil. Rachaidh an soláthraí i dteagmháil leis an scoil go díreach chun socrú a dhéanamh maidir le suiteáil na seirbhíse snáithín.

Top
Share