Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta Dála go bhfuil faomhadh tugtha i bprionsabal don scoil dá ndéanann sé tagairt, maoiniú a fháil chun tabhairt faoin taise agus faoin gcaonach liath ina foirgneamh. I bhfianaise aois agus nádúr an fhoirgnimh, agus chun a chinntiú go ndéileálfar go héifeachtach leis na fadhbanna seo trí obair ar bith a dhéanfar, d’iarr mo Roinn ar údarás na scoile moltaí a thabhairt trína Chomhairleoir maidir leis an tslí is fearr chun na hoibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích. Cuireadh na moltaí seo ar fáil do mo Roinn i lár mí Eanáir agus tá athbhreithniú déanta orthu ag foireann Ghairmiúil agus foireann Theicniúil mo Roinne ó shin. I bhfianaise castacht an fhoirgnimh tá cinneadh déanta go bhfuil cuairt theicniúil ó fhoireann de chuid na Roinne ag teastáil. Tá sin socraithe le húdarás na scoile i gcomhair an 16ú lá de mhí Feabhra seo chugainn. Glacfar cinntí i dtaobh conas an togra a chur ar aghaidh tar éis na cuairte ar an suíomh agus tar éis na fadhbanna a aimseofar ar an suíomh a mheas.