Skip to main content
Normal View

Stádas Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 February 2018

Tuesday, 27 February 2018

Questions (278)

Éamon Ó Cuív

Question:

278. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a thabharfar stádas neamhspléach do scoil (sonraí tugtha) mar scoil neamhspléach; cén chúis atá leis an moill an cinneadh seo a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10075/18]

View answer

Written answers

Tá coiste athbhreithnithe bunaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais ar fud scoileanna ar oileáin. Tá an obair seo ag an gcéim thosaigh a bhaineann lena forbairt agus déanfar í a chur chun cinn in 2018. Beidh an Roinn i dteagmháil leis na páirtithe ábhartha, an t-údarás scoile dá dtagraítear ina measc.

Top
Share